1.1. Struchtúr ginearálta

Trí shraith atá in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh: Reachtaíocht (L), Faisnéis agus Fógraí (C) agus Forlíonadh ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (S).

Trí shraith atá in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

  • sraith L: Reachtaíocht,
  • sraith C: Faisnéis agus Fógraí,
  • sraith S: Forlíonadh ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foilsítear sraith L agus C de réir gnímh ar bhonn laethúil, ó Luan go hAoine, agus freisin ar an Satharn, ar an Domhnach agus ar laethanta saoire poiblí i gcásanna práinneacha.

info:
Foilsiú na hIrise Oifigiúla de réir gnímh

Go dtí an 30 Meán Fómhair 2023, ba thiomsuithe de dhoiciméid a bhí sna heagráin laethúla den Iris Oifigiúil a foilsíodh ar an lá céanna. Le tabhairt isteach fhoilsiú de réir gnímh an 1 Deireadh Fómhair 2023, ní bheidh i ngach eisiúint den Iris Oifigiúil ach aon doiciméad amháin.

Ach í a fhoilsiú de réir gnímh méadaítear solúbthacht agus luas an phróisis foilseacháin araon. Foilsítear gach doiciméad go neamhspleách anois, agus gan gá úsáid a bhaint as sraith bhreise le haghaidh foilseacháin phráinneacha. Dá thoradh sin, scoirtear de shraitheanna L … I agus C … I ón 1 Deireadh Fómhair 2023 agus níl fágtha ach príomhshraitheanna L agus C. Tá sraith C … A scortha freisin.

Tá próiseas tagartha na hIrise Oifigiúla bunaithe ar a sraith, ar uimhir an doiciméid (cé is moite de chomhaontuithe idirnáisiúnta agus de cheartúcháin), an dáta foilsithe agus an ELI –tá an tagairt don leathanach imithe i léig. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas tagartha, féach Pointe 3.1 ‘Tagairtí don Iris Oifigiúil’.

Sraith L

Bíonn na ceannteidil seo a leanas i sraith L:

  • gníomhartha reachtacha (L I),
  • gníomhartha neamhreachtacha (L II),
  • gníomhartha eile (L III),
  • ceartúcháin.

Féach freisin Pointe 1.2 (sraith L).

Sraith C

Bíonn na ceannteidil seo a leanas i sraith C:

  • rúin, moltaí agus tuairimí (C I),
  • faisnéis (C II),
  • gníomhartha ullmhúcháin (C III),
  • fógraí (C IV),
  • fógairtí (C V),
  • ceartúcháin.

Ós rud é go bhfoilsítear líon mór gníomhartha éagsúla i sraith C, tá éagsúlacht níos mó foirme inti (leagan amach clóghrafach) ná mar atá i sraith L, ach is ionann na rialacha atá i bhfeidhm don dá shraith.

Féach freisin Pointe 1.3 (sraith C).

info:
Sraith C roimh an 1 Deireadh Fómhair 2023

Forlíontar sraith C le C … A,  le C … E (scoireadh de bheith á foilsiú an 1 Aibreán 2014) agus le Sraith C … I. Is ionann an focalbhá agus uimhir eagráin laethúil shraith C an lae chéanna.

  • Sraith C … A (A = Annex (Iarscríbhinn))
    Tá an tsraith seo tiomnaithe d’fhoilsiú comórtas oscailte, fógraí folúntas agus comhchatalóg (cineálacha speiceas talmhaíochta, etc.).
  • Sraith C … E (E = electronic (leictreonach))
    Bhí an tsraith seo tiomnaithe d’fhoilsiú téacsanna áirithe amhail seasaimh ón gComhairle faoin ngnáthnós imeachta reachtach nó miontuairiscí agus téacsanna a ghlac Parlaimint na hEorpa. Tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (agus ar an DVD míosúil a bhíodh á eisiúint tráth a bhíodh an tsraith á foilsiú).
  • Sraith C … I (I = isolated (ar leith)).

IO C 137, 27.5.2010

IO C 137 A, 27.5.2010

IO C 137 E, 27.5.2010

IO C 119 I, 5.4.2018

Sraith S

Tá sraith S (S = supplement (forlíonadh)) tiomnaithe d’fhoilsiú cuirí chun tairisceana le haghaidh conarthaí poiblí, fógraí ón gCiste Eorpach Forbraíochta agus ó institiúidí eile, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá sí ar fáil ar an idirlíon (bunachar sonraí TED).