1.2.1. Rangú na ngníomhartha

Aicmítear gníomhartha de réir ceannteidil (L I, L II, etc.) agus fo-cheannteidil (‘Rialacháin’, ‘Treoracha’, etc.) in ord sonrach.

Aicmítear gníomhartha de réir ceannteidil (L I, L II, etc.) agus fo‑cheannteidil (‘Rialacháin’, ‘Treoracha’, etc.) san ord atá tugtha thíos (féach freisin struchtúr na hIrise Oifigiúla ar EUR-Lex).

info:
An Iris Oifigiúil — Sraith L

L I — Gníomhartha reachtacha

  • Rialacháin
  • Treoracha
  • Cinntí
  • Buiséid

L II — Gníomhartha neamhreachtacha

  • Comhaontuithe idirnáisiúnta
  • Rialacháin
  • Treoracha
  • Cinntí
  • Moltaí
  • Treoirlínte
  • Rialacha nós imeachta
  • Gníomhartha arna nglacadh ag comhlachtaí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta
  • Comhaontuithe idirinstitiúideacha

L III — Gníomhartha eile

  • An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
NB:

Ceannteideal L IV — Gníomhartha a glacadh roimh an 1 Nollaig 2009 faoi Chonradh CE, Conradh AE agus Conradh Euratom, a úsáideadh go sealadach tar éis an 1 Eanáir 2010 chun gníomhartha a glacadh roimh an 1 Nollaig 2009 faoi Chonradh CE, Conradh AE agus Conradh Euratom a chur san áireamh.

Faoi gach ceannteideal déantar rangú na ngníomhartha de réir dhá chritéar:

  • cineál (rialachán, treoir, cinneadh, buiséad, etc.),
  • ord de réir údair (féach Pointe 3.4.2): Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, an Chúirt Iniúchóirí, etc.
NB:

Faoi Cheannteideal L II, fo-cheannteidil ‘Rialacháin’, ‘Treoracha’ agus ‘Cinntí’, i gcomhréir leis an ord a luadh thuas agus maidir leis na húdair lena mbaineann, aicmítear na gníomhartha san ord seo a leanas:

  1. gníomhartha atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí;
  2. gníomhartha tarmligthe;
  3. gníomhartha cur chun feidhme.

Chun samplaí a fháil, féach ‘Táblaí achoimre’.

Ceannteidil

Tá na ceannteidil seo a leanas i sraith L den Iris Oifigiúil.

L I — Gníomhartha reachtacha

Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear na ‘gníomhartha reachtacha’ (de réir bhrí an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) i.e. na rialacháin, na treoracha agus na cinntí a ghlactar:

  • i gcomhréir leis an ‘gnáthnós imeachta reachtach’ (iad á nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle),
  • i gcomhréir leis an ‘nós imeachta reachtach speisialta’ (iad a nglacadh ag an gComhairle le rannpháirtíocht na Parlaiminte nó á nglacadh ag an bParlaimint le rannpháirtíocht na Comhairle).

Is faoi ‘Gníomhartha reachtacha’, freisin, a fhoilsítear buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh, chomh maith le haon bhuiséad leasaitheacha a bhaineann leis. Is de réir nós imeachta reachtach speisialta a ghlactar an buiséad.

NB:

Cuireadh ‘buiséad ginearálta’ an Aontais Eorpaigh ar an ‘buiséad bliantúil’ roimhe. In 2022, athraíodh teideal an ghníomhartha chinntigh arna nglacadh an buiséad dá réir sin (‘Glacadh cinntitheach bhuiséad bhliantúil an Aontais Eorpaigh’).

Roimh an 1 Nollaig 2009, foilsíodh buiséad an Aontais Eorpaigh faoi Cheannteideal L II (Gníomhartha neamhreachtacha), leis an ngníomh arna glacadh dar teideal ‘Glacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh’. Ina theannta sin, is i sraith C a fhoilsítear anois ráitis ioncaim agus chaiteachais na ngníomhaireachtaí, ráitis a bhíothas a fhoilsiú i sraith L roimhe seo.

L II — Gníomhartha neamhreachtacha

Faoi cheannteideal L II, foilsítear na ‘gníomhartha ar gníomhartha neamhreachtacha iad’ (de réir bhrí an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh): rialacháin, treoracha agus cinntí nach de réir nós imeachta reachtach a ghlactar iad (gníomhartha tarmligthe (Airteagal 290) agus gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 291) agus na gníomhartha atá bunaithe ar na Conarthaí (gníomhartha a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta, cinntí CBES, etc.)), chomh maith le gníomhartha eile amhail moltaí agus treoirlínte ó BCE.

L III — Gníomhartha eile

Áirítear faoi cheannteideal L III na ‘gníomhartha eile’ amhail gníomhartha de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.