1.2.3. Inneachar
Cuirtear i láthair anseo liosta agus samplaí de ghníomhartha a foilsíodh i sraith L, agus na gníomhartha grúpáilte de réir na gceannteideal agus na bhfo-cheannteideal ábhartha.
Cuirtear i láthair anseo liosta agus samplaí de ghníomhartha a foilsíodh i sraith L, agus na gníomhartha grúpáilte de réir na gceannteideal agus na bhfo-cheannteideal ábhartha.
L I — Gníomhartha reachtacha
lúibíní cruinne(a) Rialacháin
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a fhoilsítear rialacháin arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (an gnáthnós imeachta reachtach) nó rialacháin arna nglacadh go leithleach ag ceann amháin den dá institiúid le rannpháirtíocht na hinstitiúide eile (an nós imeachta reachtach speisialta):
Rialachán (AE) 2015/475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle
(b) Treoracha
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a fhoilsítear treoracha arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (an gnáthnós imeachta reachtach) nó treoracha arna nglacadh go leithleach ag an gComhairle le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa (an nós imeachta reachtach speisialta):
Treoir (AE) 2015/254 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Treoir (AE) 2015/121 ón gComhairle
(c) Cinntí
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a fhoilsítear cinntí arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (an gnáthnós imeachta reachtach) nó cinntí arna nglacadh go leithleach ag an gComhairle le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa (an nós imeachta reachtach speisialta):
Cinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh (AE, Euratom) 2015/457 ón gComhairle
(d) Buiséid
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear buiséid bhliantúla agus buiséid leasaitheacha gaolmhara an Aontais Eorpaigh, agus an gníomh lena nglactar go cinntitheach iad foilsithe rompu san eagrán céanna den Iris Oifigiúil:
Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023
Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/2516 bhuiséad leasaitheach Uimh. 3 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023
Is don ghlacadh cinntitheach a shanntar an uimhir, i.e. an gníomh roimh an mbuiséad bliantúil nó roimh an mbuiséad leasaitheach. Cé nach mbíonn uimhir ar bith ar an mbuiséad bliantúil féin, sannann an t-údar uimhir do na buiséid leasaitheacha (e.g. ‘buiséad leasaitheach an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 don bhliain airgeadais 2023’).
L II — Gníomhartha neamhreachtacha
cinntícinntí CBESComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES)moltaí(a) Comhaontuithe Idirnáisiúnta
Is ‘comhaontuithe idirnáisiúnta’ (dá ngairtear comhaontuithe anseo feasta) iad comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach nó ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, coinbhinsiúin arna síniú ag na Ballstáit, comhaontuithe, coinbhinsiúin agus prótacail arna mbunú ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, comhaontuithe inmheánacha idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, comhaontuithe i bhfoirm malartú litreacha, etc.
Ní chuirtear uimhir le comhaontuithe, mar a shainmhínítear iad thuas. Ní shannfaidh Oifig na bhFoilseachán ach uimhir na hIrise Oifigiúla dóibh (bíonn an uimhir sin le feiceáil i gceanntásc na hIrise Oifigiúla).
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear:
- cinntí a bhaineann le comhaontú, agus a mbíonn téacs an chomhaontaithe i gceangal leo:
Cinneadh (AE) 2015/209 ón gComhairle an 10 Samhain 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó, lena ndéantar Oileáin Fharó a chomhlachú le ‘Fís 2020’– an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014–2020) (†)
Comhaontú maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó, lena ndéantar Oileáin Fharó a chomhlachú le ‘Fís 2020’– an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014–2020) (†)
Cinneadh (AE) 2015/105 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, faoi Chreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAsarbaiseáine faoi na prionsabail ghinearálta a ghabhann le rannpháirtíocht Phoblacht na hAsarbaiseáine i gcláir de chuid an Aontais (†)
Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, faoi na prionsabail ghinearálta a ghabhann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais (†)
- cinntí a bhaineann le comhaontú, agus nach mbíonn téacs an chomhaontaithe i gceangal leo:
Cinneadh ón gComhairle (AE) 2015/1796 an 24 Márta 2015 lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/492/AE maidir le comhairliúcháin le Poblacht Ghuine Bissau a thabhairt i gcrích de réir Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (†)
- faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm comhaontuithe:
Faisnéis a bhaineann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Saint Lucia maidir leis an tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta [2023/2212]
NB:Seo an t-aon nóta faisnéise a fhoilsítear i sraith L.
(b) Rialacháin
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear rialacháin ón gComhairle (rialacháin atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí agus rialacháin cur chun feidhme), rialacháin ón gCoimisiún (rialacháin atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí, rialacháin tharmligthe agus rialacháin cur chun feidhme) agus rialacháin ón mBanc Ceannais Eorpach:
Rialachán (AE) 2015/106 ón gComhairle
Rialachán cur chun feidhme (AE) 2015/81 ón gComhairle
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/281 ón gCoimisiún
Rialachán cur chun feidhme (AE) 2015/52 ón gCoimisiún
Rialachán (AE) 2015/534 ón mBanc Ceannais Eorpach […] (BCE/2015/13)
Maidir le rialacháin BCE, dá sannann BCE uimhir freisin (‘BCE/2015/13’), foilsítear iad agus dhá uimhir acu (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Phointe 1.2.2).
(c) Treoracha
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear treoracha ón gComhairle (treoracha atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí agus treoracha cur chun feidhme) agus treoracha ón gCoimisiún (treoracha atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí, treoracha tarmligthe agus treoracha cur chun feidhme):
Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle
Treoir (AE) 2015/565 ón gCoimisiún
Treoir Tarmligthe (AE) 2015/573 ón gCoimisiún
Treoir cur chun feidhme (AE) 2015/1168 ón gCoimisiún
(d) Cinntí
Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an bhfo-cheannteideal seo:
- cinntí ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, cinntí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát agus cinntí a ghlactar de chomhthoil idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát:
Cinneadh (AE, Euratom) 2015/578 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát (†)
- cinntí áirithe ó Pharlaimint na hEorpa:
Cinneadh (AE) 2015/1614 ó Pharlaimint na hEorpa
- cinntí ón gComhairle Eorpach:
Cinneadh (AE) 2018/509 ón gComhairle Eorpach
- cinntí áirithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle:
Cinneadh (AE) 2015/468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
- cinntí áirithe ón gComhairle (cinntí a bhunaítear go díreach ar na Conarthaí, cinntí CBES san áireamh agus cinntí cur chun feidhme):
Cinneadh (AE) 2015/1025 ón gComhairle
Cinneadh cur chun feidhme (AE) 2015/156 ón gComhairle
Cinneadh (CBES) 2015/76 ón gComhairle
- cinntí ón gCoimisiún (cinntí a bhunaítear go díreach ar na Conarthaí, cinntí tarmligthe agus cinntí cur chun feidhme):
Cinneadh (AE) 2015/119 ón gCoimisiún
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2015/1602 ón gCoimisiún
Cinneadh cur chun feidhme (AE) 2015/103 ón gCoimisiún
- cinntí ón mBanc Ceannais Eorpach:
Cinneadh (AE) 2015/299 ón mBanc Ceannais Eorpach […] (BCE/2015/5)
Maidir le cinntí BCE, dá sannann BCE uimhir freisin (‘BCE/2015/5’), foilsítear iad agus dhá uimhir acu (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Phointe 1.2.2).
Roimh an 1 Nollaig 2009, bhí dhá shaghas cinnidh ann (i dteangacha áirithe d’úsáidtí téarmaí éagsúla). Bhíodh ‘cinntí reatha’ ann inar luadh cé air a raibh an cinneadh dírithe i ndiaidh na dtéarmaí achtúcháin agus uimhir fógra sa teideal. Ina theannta sin, bhíodh na cinntí sui generis ann ina raibh ‘tar éis a chinneadh mar a leanas’ (in ionad ‘tar éis an cinneadh seo a ghlacadh’) roimh na téarmaí achtúcháin. Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, ní ann don idirdhealú sin a thuilleadh. I gcásanna áirithe, áfach, is ionann an leagan amach do chinntí nach luaitear cé air a bhfuil siad dírithe agus leagan amach na seanchinntí sui generis.
(e) Moltaí
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear moltaí ón gComhairle de bhun Airteagail 121, 126, 140 agus 292 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, moltaí ón gCoimisiún (Airteagal 292) agus moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach (Airteagal 292):
Moladh (AE) 2015/1029 ón gComhairle
Moladh (AE) 2015/682 ón gCoimisiún
Maidir le moltaí ó BCE, dá sannann BCE uimhir freisin, foilsítear iad agus dhá uimhir acu (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Phointe 1.2.2).
Foilsítear moltaí eile i sraith C.
(f) Treoirlínte
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear treoirlínte ón mBanc Ceannais Eorpach. Sannann BCE uimhir dóibh freisin (‘BCE/2015/20’) agus mar sin foilsítear iad agus dhá uimhir acu (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Phointe 1.2.2):
Treoirlíne (AE) 2015/732 ón mBanc Ceannais Eorpach […] (BCE/2015/20)
(g) Rialacha Nós Imeachta
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear rialacha nós imeachta na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí; foilsítear rialacha nós imeachta na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí i sraith C. Sanntar uimhir do na rialacha nós imeachta ag deireadh an teidil, i lúibíní cearnacha:
Rialacha Nós Imeachta Choiste na Réigiún (†) [BBBB/U]
Rialacha Nós Imeachta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (†) [BBBB/U]
Leasuithe ar an Treoir do Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta (†) [BBBB/U]
Nuair a bhíonn na rialacha nós imeachta ag gabháil le gníomh, aicmítear iad faoin gceannteideal céanna leis an ngníomh agus ní shanntar uimhir orthu.
Cinneadh ón gComhairle (AE) 2015/354 an 2 Márta 2015 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an tSaoráid Infheistíochta a bunaíodh faoi choimirce an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an gníomh lena ngabhann na rialacha nós imeachta) (†)
(h) Gníomhartha a ghlacann comhlachtaí a bhunaítear le comhaontuithe idirnáisiúnta
Is faoin bhfo-cheannteideal seo a chumhdaítear cinntí ó chomhlachtaí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta, chomh maith le rialacháin ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (NA/ECE). Bíonn dhá uimhir ag na gníomhartha seo (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Phointe 1.2.2).
Cinneadh Uimh. 1/2015 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE […] [2015/1909] (†)
Cinneadh Uimh. 1/2015 ó Chomhchoiste AE-an Eilvéis […] [2015/542]
Cinneadh Uimh. 78 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (NA/ECE) […] [2015/145]
(i) Comhaontuithe idirinstitiúideacha
Rialaítear le comhaontuithe idirinstitiúideacha gnéithe áirithe comhairliúcháin agus comhair idir institiúidí an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar an gcomhdhearcadh eatarthu – i.e. is ionann iad agus cineál comhrialacha nós imeachta.
Cinneann na hinstitiúidí na comhaontuithe seo a fhoilsiú i sraith L nó i sraith C ag brath ar a gcomhthéacs, a raon feidhme agus a n-éifeachtaí.
L III — Gníomhartha eile
cinntícinntí maidir leis an CSTE/LEELEE/CSTEAn Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an bhfo-cheannteideal seo:
- cinntí a glacadh faoi chuimsiú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE):
Cinneadh Uimh. 159/2014 ó Chomhchoiste LEE […] [2015/94]
- gníomhartha a glacadh faoi chuimsiú Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE):
Cinneadh Uimh. 30/15/COL ó Údarás Faireacháin CSTE […] [2015/1813]
Cinneadh Uimh. 2/2015/SC ó Bhuanchoiste Stáit CSTE […] [2015/2024]
- rialacha nós imeachta Chúirt CSTE.
Bíonn dhá uimhir ag na gníomhartha seo (seachas rialacha nós imeachta Chúirt CSTE) (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Phointe 1.2.2).
I gcás gníomhartha ó Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, in uimhir an ghnímh ná húsáidtear ach dhá dhigit don bhliain: 30/15/COL (COL = Coláiste an Údaráis Faireacháin).
Ceartúcháin
Cuirtear ceartúcháin ag deireadh na hIrise Oifigiúla i gcónaí ó tharla nach gá go mbeidís ann ach i gcás teangacha áirithe agus go bhféadfadh an t-ábhar agus an fad a bheith éagsúil ó theanga go teanga. Is é seo an t-aon mhír amháin san Iris Oifigiúil nach bhfuil uimhrithe.
Ní bhíonn uimhir ag gabháil le ceartúcháin toisc nach meastar gur gníomhartha ar leithligh iad. Faigheann siad uimhir na hIrise Oifigiúla BBBB/9UUUU, áfach, agus tosaíonn an uimhir sheicheamhach 5 dhigit le 9 i gcónaí.
