1.3.1. Rangú na ndoiciméad

Aicmítear na doiciméid a fhoilsítear i sraith C faoi chúig cheannteideal: Rúin, moltaí agus tuairimí (C I), Faisnéis (C II), Gníomhartha ullmhúcháin (C III), Fógraí (C IV) agus Fógraí (C V).

Cumhdaítear éagsúlacht leathan doiciméad le sraith C den Iris Oifigiúil. Seo liosta neamh-uileghabhálach de na doiciméid arna ngrúpáil de réir ceannteidil agus fo‑cheannteideal (chun an t‑ord liostála a fháil, féach struchtúr na hIrise Oifigiúla ar EUR-Lex).

info:
An Iris Oifigiúil — Sraith C

C I — Rúin, moltaí agus tuairimí

  • Rúin
  • Moltaí
  • Tuairimí

C II — Faisnéis

  • Comhaontuithe idirinstitiúideacha
  • Dearbhuithe comhpháirteacha
  • Faisnéis ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

C III — Gníomhartha ullmhúcháin

  • Tionscnaimh ó na Ballstáit
  • Parlaimint na hEorpa
  • An Chomhairle
  • An Coimisiún Eorpach
  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
  • An Banc Ceannais Eorpach
  • An Chúirt Iniúchóirí
  • Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
  • Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
  • Coiste na Réigiún
  • An Banc Eorpach Infheistíochta
  • Oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

C IV — Fógraí

  • Fógraí ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
  • Fógraí ó na Ballstáit
  • Fógraí a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (cuirtear fógraí ó na hinstitiúidí ar dtús agus ansin fógraí ó na Ballstáit ina ndiaidh)
  • Fógraí ó thríú tíortha

C V — Fógairtí

  • Nósanna imeachta riaracháin
  • Imeachtaí cúirte
  • Nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a chur chun feidhme
  • Nósanna imeachta a bhaineann leis an mbeartas iomaíochta a chur chun feidhme
  • Gníomhartha eile

Laistigh de bhfo-cheannteidil, rangaítear na doiciméid i gcomhréir le hord de réir údair (féach Pointe 3.4.2).