1.3.2. Uimhriú na ndoiciméad

Cé is moite de cheartúcháin, sannann Oifig na bhFoilseachán uimhir fógra do dhoiciméid a fhoilsítear i sraith C.

Uimhir fógra

Cé is moite de cheartúcháin, sannann Oifig na bhFoilseachán uimhir fógra do dhoiciméid a fhoilsítear i sraith C.

Bíonn na nithe seo a leanas san uimhir fógra:

  1. an litir ‘C’ a chomhfhreagraíonn do shraith C,
  2. bliain an fhoilsithe, ina mbíonn ceithre dhigit,
  3. an uimhir sheicheamhach, a bhíonn bunaithe ar sheicheamh bliantúil, agus ina mbíonn an oiread digití agus is gá.

C/BBBB/U

Cuirtear an uimhir faoin teideal, í láraithe agus í idir lúibíní.

Tá an uimhir fógra comhionann le huimhir na hIrise Oifigiúla a bhíonn le feiceáil i gceannteideal na hIrise Oifigiúla.

info:
Roimh an 1 Deireadh Fómhair 2023

Is éard a bhíodh san uimhir fógra seo:

  1. bliain an fhoilsithe:
    1. go dtí an 31 Nollaig 1998, an dá dhigit dheireanacha;
    2. ón 1 Eanáir 1999 i leith, na ceithre dhigit;
  2. uimhir na hIrise Oifigiúla;
  3. uimhir a thugann le fios ord an fhoilsithe san Iris Oifigiúil:

98/C 45/01

2010/C 2/08

Uimhriú speisialta

Bíonn uimhriú dá gcuid féin sa teideal ag doiciméid áirithe:

  • seasaimh ón gComhairle faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh:

    Seasamh (AE) Uimh. 5/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh

    NB:

    Faoi chuimsiú an nós imeachta comhchinnteoireachta roimh Chonradh Liospóin bhí ‘Comhsheasaimh ón gComhairle’ ann:

    Comhsheasamh (CE) Uimh. 14/2005 ón gComhairle ()

  • státchabhair:

    Státchabhair C 32/09 ()

    NB:

    Bí san airdeall maidir leis an uimhriú: C 55/99, C 55/2000, C 55/01 (is don bhliain 2000 amháin a úsáidtear ceithre dhigit).

  • cásanna na Cúirte Breithiúnais, na Cúirte Ginearálta agus Bhinse na Seirbhíse Sibhialta:

    Cás C-187/10 () (an Chúirt Bhreithiúnais)

    Cás T-211/10 () (an Chúirt Ghinearálta — ón 15 Samhain 1989 i leith)

    Cás F-29/10 () (Binse na Seirbhíse Sibhialta — ón 23 Iúil 2005 go dtí an 31 Lúnasa 2016)

    roimh an 15 Samhain 1989 (don Chúirt Bhreithiúnais amháin): Cás 84/81

    NB:

    Scor Binse na Seirbhíse Sibhialta, a bunaíodh in 2004, de bheith ag obair an 1 Meán Fómhair 2016, tar éis aistriú a dlínse chuig an gCúirt Ghinearálta.

  • tuairimí ón gCúirt Iniúchóirí:

    Tuairim Uimh. 06/2022 (roimh an 1 Eanáir 2022: Tuairim Uimh. 6/2021)

  • cásanna Chúirt CSTE:

    Cás E-5/10 ()

  • fógraí faoi chomórtais oscailte (mar a bheidh foilsithe i sraith C … A go dtí an 30 Meán Fómhair 2023):

    EPSO/AD/177/10

  • fógraí faoi fholúntais:

    COM/AD/17/10

  • Cinntí ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta:

    Cinneadh Uimh. H8 an 17 Nollaig 2015 (uasdátaithe le mionsoiléirithe teicniúla an 9 Márta 2016) maidir leis na modhanna oibriúcháin agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí den Choimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta ()

  • buiséid leasaitheacha ó na gníomhaireachtaí:

    Ráiteas ioncaim agus caiteachais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2010 – Buiséad Leasaitheach Uimh. 1 ()

  • glaonna ar thairiscintí:

    Glao ar thairiscintí IX-2011/01 – ‘Deontais do pháirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa’ ()

NB:

Go dtí an 23 Iúil 2002 (an dáta a chuaigh Conradh CEGC in éag), bhí aontuithe ón gComhairle ann:

Aontú Uimh. 22/96 ()

Aontú Uimh. 6/2002 ()