10.1.1. An lánstad
Cuirtear lánstad i ndiaidh lch. (leathanach) agus lgh. (leathanaigh).
De ghnáth ní úsáidtear lánstad i gceannteidil. Is lánstad amháin a leanann ‘etc.’ nuair a thagann sé ag deireadh abairte. Cuirtear lánstad i ndiaidh focal giorraithe, e.g. Co., An tUas., ach i gcás coimriúchán, ná scríobhtar lánstad.
Is é an cleachtas faoi láthair, áfach, lánstad a chur i ndiaidh lch. (leathanach) agus lgh. (leathanaigh).
Féach freisin Pointe 10.9 thíos, Iarscríbhinn A3 agus Iarscríbhinn A4.
Cuirtear lánstad i gcónaí ag deireadh fonóta.
Ná cuirtear lánstad ag deireadh ceannteidil.