10.1.10. An fleiscín

Úsáidtear an fleiscín idir t agus guta agus idir n agus guta nuair a bhíonn focal á scríobh i gcás íochtair.

Úsáidtear an fleiscín:

  • idir t agus guta nuair a bhíonn focal á scríobh i gcás íochtair:

    e.g. an t-ainm, an t-úll

  • idir n agus guta nuair a bhíonn focal á scríobh i gcás íochtair:

    e.g. ceol na n-éan, lena n-áirítear

Úsáidtear fleiscín crua i ndiaidh t agus n ‘sna cásanna sin a luaitear thuas’. Is féidir é seo a dhéanamh trí na heochracha ‘ctrl’ + ‘shift’ + fleiscín a bhualadh ar mhéarchlár an ríomhaire nó trí cibé dóigh a gceadaíonn do ríomhaire féin duit sin a dhéanamh.

  • i gcomhfhocail:

    idir dhá ghuta:

    e.g. do-ite, so-aitheanta

    idir comhchonsain:

    e.g. lag-ghlórach

    idir dhá réimír de ghnáth:

    e.g. iar-bhunscoil, sin-seanmháthair

  • i gcásanna ina mbeadh baol an comhfhocal a bheith do-aitheanta gan an fleiscín, e.g. idir na réimíreanna do-, fo-, so- agus focail dar tús bha (bhla, bhra), dha, gha (ghla, ghra), mha:

    e.g. do-bhailithe, so-ghlactha

  • i ndiaidh an (réimír threise) agus i ndiaidh dea:

    e.g. an-deas, dea-mhéin

  • i dteidil dhílse:

    e.g. an Príomh-Bhreitheamh

    Tugtar faoi deara, afach, gurb é ‘Ardrúnaí’ agus ‘Ardionadaí’ (gan an fleiscín) atá sna Conarthaí. I gcásanna ina mbíonn dhá réimír i dteideal dílis, is dhá fhleiscín a bheidh ann, e.g. Leas-Phríomh-Oide, Leas-Ard-Stiúrthóir, Leas-Phríomh-Aire.

Fágtar an dá fhleiscín i bhfocail mar an focal seo a leanas:

iar-nua-aimseartha

  • ach is iondúil gur fleiscín amháin a bhíonn i gcomhfhocail ilchodacha (in FGB) ‘in­bhithdhíghrádaithe’, agus an fleiscín i ndiaidh na chéad réimíre.

Ná húsáidtear an fleiscín:

  • más ceannlitir a thagann i ndiaidh tn:

    e.g. an tAthair, cultúr na nÉireannach

  • idir h agus guta, is cuma an cás íochtair nó cás uachtair atá i gceist:

    e.g. a hiníon, na haibhneacha, cultúr na hÉireann, cultúr na hAlban

  • roimh an iarmhír threise, seachas i gcás comhchonsan:

    e.g. mo leabharsa, dósan, a gcomhaidsean, mo chos-sa

  • i ndiaidh na réamhfhocal ar (= tar éis), faoi, i, le, ó, trí nuair a chuirtear n agus a, ár (aidiachtaí sealbhacha) nó a, ar, arbh (forainmneacha coibhneasta) leo:

    e.g. arna shíniú, faoina láimh, ónarbh fhéidir, lenar leasaíodh

    NB:

    Ná táthaítear an t-alt iolra leis an réamhfhocal:

    e.g. ar na cailíní, trí na fuinneoga, faoi na táblaí

  • i ndiaidh i + n roimh ghuta:

    in éineacht, in airde, in iúl