10.1.11. Comhartha ceiste

Cuirtear comhartha ceiste i ndiaidh gach ceiste a mbítear ag súil le freagra uirthi.

Cuirtear comhartha ceiste i ndiaidh gach ceiste a mbítear ag súil le freagra uirthi. Tosaítear an focal a thagann ina diaidh le ceannlitir:

Ba cheart dúinn an cheist a chur orainn féin: an mbeidh tionchar aige seo ar thrádáil (an) Chomhphobail? An féidir an tionchar a thomhas?

Ná baintear úsáid as an gcomhartha ceiste i gcaint indíreach, áfach:

Ba cheart dúinn a fhiafraí an mbeidh tionchar aige ar thrádáil (an) Chomhphobail.