10.1.12. Comhartha uaillbhreasa
Baintear úsáid as comhartha uaillbhreasa i ndiaidh focal nó frása uaillbhreasach nó abairt uaillbhreasach.
Baintear úsáid as comhartha uaillbhreasa i ndiaidh focal nó frása uaillbhreasach nó abairt uaillbhreasach. Is féidir é a úsáid freisin laistigh de lúibíní cearnacha, i ndiaidh athfhriotail, chun cúis gháire, easaontais nó iontais an eagarthóra a chur in iúl.
I dtéacsanna matamaitice agus staidrimh, is le comhartha uaillbhreasa a chuirtear an t‑iolrán in iúl:
6! = 6 x 5 x 4 x 3 x 2 x 1