10.1.13. An uaschamóg
Is iad na rialacha maidir leis an uaschamóg, mar atá siad leagtha amach in Gramadach na Gaeilge.
Úsáidtear an uaschamóg:
- i ndiaidh de (réamhfhocal):
e.g. rinneadh d’adhmad é, ag obair d’oíche agus de lá
- i ndiaidh do (réamhfhocal, aidiacht shealbhach, mír bhriathartha):
e.g. thug mé d’Eoin/d’fhear maith é, le d’aintín, i d’fhochair, do d’aimsiú, d’ól sé
- i ndiaidh mo (aidiacht shealbhach):
e.g. m’árasánsa, m’fhillteán, do m’aistriú
- i ndiaidh ba nuair nach clásal coibhneasta atá ann:
e.g. B’ionadh liom …, Dá mb’fhéidir leis …, Má b’eol di …
Tugtar faoi deara nach ligtear an guta ar lár nuair is forainm, forainm réamhfhoclach, réamhfhocal nó dobhriathar nach dobhriathar aidiachtach é atá ar lorg na copaile, cuir i gcás: ‘ba ea’, ‘ba í’, ‘ba ann’, ‘ba ar’, ‘ba as’, ‘ba ó’, etc.
Ná húsáidtear an uaschamóg nuair a thagann an réamhfocal agus an aidiacht shealbhach i ndiaidh a chéile, cibé acu táite nó scartha iad:
dá muintir, dár ngaolta, le do thoil
Is iad na rialacha maidir leis an uaschamóg, mar atá siad leagtha amach in Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge, an Caighdeán Oifigiúil (Oifig an tSoláthair, 1958) na rialacha a leantar.