10.1.2. An leathstad

Cloítear an leathstad go díreach i ndiaidh na litreach nó an fhigiúir roimhe, i.e. gan spás eatarthu.

Má bhíonn míreanna fada agus casta agus iad i sraith nó má bhíonn poncaíocht inmheánach á húsáid freisin, ar mhaithe le soiléireacht, úsáidtear leathstadanna chun na míreanna a dheighilt óna chéile:

Is mar a leanas a bhí comhaltas an choimisiúin idirnáisiúnta: an Fhrainc, 4; an Ghearmáin, 5; an Iodáil, 3; an Ríocht Aontaithe, 1; na Stáit Aontaithe, 7.

Clóitear an leathstad go díreach i ndiaidh na litreach nó an fhigiúir roimhe, i.e. gan spás eatarthu.