10.1.3. An t-idirstad

Clóitear an t-idirstad go díreach i ndiaidh na litreach nó an fhigiúir roimhe, i.e. gan aon spás eatarthu.

Ná húsáidtear idirstadanna ag deireadh ceannteidil nó chun tábla nó graf atá curtha i dtéacs a chur i láthair. Is féidir idirstad a úsáid chun abairt a roinnt in dhá chuid a dhéanann codarsnacht le chéile nó a chothromaíonn a chéile. Is gá abairt iomlán a bheith ann sa chuid a thagann roimh an idirstad: ní gá gurb amhlaidh don dara cuid.

Clóitear an t-idirstad go díreach i ndiaidh na litreach nó an fhigiúir roimhe, i.e. gan aon spás eatarthu.