10.1.4. Lúibíní cruinne

Úsáidtear lúibíní cruinne chun ábhar nach bhfuil riachtanach ó thaobh na brí de a chur isteach sa téacs.

Úsáidtear lúibíní cruinne chun ábhar nach bhfuil riachtanach ó thaobh na brí de a chur isteach sa téacs:

Beidh an comhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14 den Rialachán (‘an comhlacht’) bunaithe laistigh den Chomhphobal.

Ní thagann camóg riamh roimh an lúibín tosaigh. Má bhíonn abairt iomlán laistigh de na lúibíní, caithfear an lánstad a chur roimh an lúibín deiridh.

Seachnaítear lúibíní cruinne a úsáid nuair a bhíonn rogha idir inscní nó idir iolra agus uatha á léiriú. Mar shampla, is slachtmhaire ‘sé/sí’ nó ‘bád/báid’ a úsáid san áit a mbeadh ‘(s)he’ nó ‘boat(s)’ i mBéarla. Is tábhachtaí é seo fós i gcás aidiachtaí, e.g. ‘bád mór/báid mhóra’.