10.1.5. Lúibíní cearnacha
Úsáidtear lúibíní cearnacha chun ráiteas nach ráiteas ón mbunúdar é a idirshuí i bpíosa téacs.
Úsáidtear lúibíní cearnacha chun ráiteas nach ráiteas ón mbunúdar é a idirshuí i bpíosa téacs:
‘Vótáil siad [baill an choiste] i bhfabhar an togra.’
Is féidir lúibíní cearnacha a úsáid freisin chun dréachtaí de shleachta roghnacha, nó de na sleachta sin atá fós á bplé, a idirshuí i bpíosa téacs:
16.45 Is minic nach dtugtar ach an fhaisnéis mar fhreagra ar cheisteanna dar tús cé:
Cé hé an bhean sin? [Is í] Cáit Ní Chathasaigh [í].
Cé hé thusa? [Is mé] Cáit Ní Chathasaigh.
Cé hé mise? [Is tú] Seán Ó Sé.
(Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (An Gúm))
Ní gnáthnós é lúibíní cearnacha a úsáid chun téacs atá idir lúibíní cheana a iniamh. Is leor lúibíní cruinne dúbailte sa chás sin.