10.1.6. Comharthaí athfhriotail

Is gnách comharthaí singile athfhriotail a úsáid.

Comharthaí singile athfhriotail is gnách a úsáid, ach úsáidtear comharthaí dúbailte athfhriotail le haghaidh athfhriotal laistigh d’athfhriotal. I gcás ina mbíonn athfhriotal eile laistigh den dara hathfhriotal is gá casadh ar ais ar na comharthaí singile a úsáid. (Féach freisin Pointe 4.2.3).

Ní mór an phoncaíocht a chur isteach de réir bhrí na habairte; más cuid den athfhriotal an phoncaíocht, cuirtear isteach í; murab ea, ná cuirtear isteach í.

Ná cuirtear teidil leabhar, nuachtán ná nathanna cainte iasachta laistigh de chomharthaí athfhriotail mar gur faoi chló iodálach a bhíonn siad de ghnáth. Ní gá comharthaí athfhriotail a úsáid sa bhreis ar chló trom nó cló iodálach a úsáid. (Féach Pointe 5.5.4 maidir le húsáid cló iodálaigh agus le húsáid comharthaí athfhriotail i leabharliostaí).