10.1.7. An dais
Is féidir an dais a chur in ionad camóga nó lúibíní i gcorp téacs.
Is gá idirdhealú a dhéanamh idir an dais agus an fleiscín, atá níos lú ná í, agus comhartha an dealaithe, atá níos faide ná an fleiscín ach níos giorra ná an dais. Is trí spás a fhágáil ar gach taobh den dais a dhéantar an t-idirdhealú. Ní mór dhá fhleiscín a chlóbhualadh le chéile chun an dais a dhéanamh (féach Pointe 6.4) nó is féidir ‘ctrl’ + ‘alt’ + ‘-’ (comhartha an dealaithe ar mhéarchlár na n-uimhreacha) a úsáid.
Is féidir an dais a chur in ionad camóga nó lúibíní i gcorp téacs. Chomh maith leis sin, is áis bhreise í chun abairtí casta a shoiléiriú.
Is féidir an dais a úsáid i liostaí freisin (féach Pointe 5.7).