10.1.8. An comhartha focalbhá

Ciallaíonn comhartha focalbhá go bhfuil easnamh sa téacs.

Ní bhíonn riamh níos mó ná trí phonc sa chomhartha focalbhá. Ciallaíonn sé go bhfuil easnamh sa téacs. Má chuirtear comhartha focalbhá ag deireadh abairte ní chuirtear lánstad ina dhiaidh.

  • Is féidir é a chur in ionad líne, abairt nó mír den téacs (Pointe 5.10).
  • Nuair a chuirtear é ag tús téacs, cuirtear gnáthspás ina dhiaidh.
  • Nuair a chuirtear é in ionad focal amháin nó níos mó ná focal amháin i lár abairte, bíonn gnáthspás roimhe agus ina dhiaidh.
  • Nuair a chuirtear é ag deireadh abairte, ní bhíonn ach gnáthspás roimhe.

Is é cleachtas na mór-roinne an comhartha focalbhá a úsáid ar an dóigh chéanna is a úsáidtear an focal ‘etc.’ i nGaeilge. Seachnaítear an cleachtas sin.