10.3.1. Uimhreacha

Ceadaítear focail nó figiúirí a úsáid le milliúin agus billiúin ach cloítear le córas amháin laistigh den aon téacs amháin.

  • Úsáidtear ‘Uimh.’ mar leagan giorraithe de ‘Uimhir’ agus ‘Uimhreacha’. Bíonn spás crua idir é agus an figiúr a thagann ina dhiaidh:

    Uimh. 3

    Uimh. 3 agus 4.

  • Leantar an treoir atá i gCaibidil 9 de An Caighdeán Oifigiúil, 2017 do na bunuimhreacha go ginearálta. Féach Iarscríbhinn B maidir leis na bunuimhreacha a scríobh ina bhfigiúirí.
  • Scríobhtar daichead seachas ceathracha:

    Comórfaidh an tArdionadaí cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht n-uaire an chloig is daichead.

  • Uimhreacha nó figiúirí?
    • Roimh na focail soicind, nóiméad, uair an chloig, lá, seachtain, coicís, mí, ráithe agus bliain, scríobhtar na huimhreacha i bhfigiúirí. Le gach rud eile, mar riail ghinearálta, scríobhtar na huimhreacha óna haon go dtí a naoi i bhfocail agus scríobhtar uimhreacha óna deich ar aghaidh i bhfigiúirí.

      Beidh bliain coibhéiseach le 4 ráithe, 12 mhí nó 52 sheachtain

      Beidh ráithe coibhéiseach le 3 mhí.

    • Leantar an pátrún seo i gcás na n-orduimhreacha freisin:

      an naoú duine, an 19ú haois

    • Má bhíonn uimhir óna haon go dtí a naoi agus uimhir óna deich ar aghaidh ann, scríobhtar iad araon i bhfigiúirí:

      Seolfar na figiúirí 7-10 lá oibre tar éis dheireadh gach míosa.

      Obair íoctha 3 go 12 mhí a bheidh i gceist.

    • Úsáidtear figiúirí i réimse an staidrimh, i dtorthaí vótála agus nuair a bíonn sraith uimhreacha á lua mura ndéantar a mhalairt san fhoinse atá á lua (e.g. Cuid a Seacht den Chonradh ar an Aonas Eorpach):

      Vótáil 12 thoscaireacht i bhfabhar an togra; vótáil 7 dtoscaireacht ina choinne, agus staon 6 thoscaireacht.

    • Úsáidtear figiúirí agus cainníochtaí á gcur in iúl:

      6 kg, 7 mbliana, 11 mhéadar, 28 000 tona

    • Úsáidtear figiúirí agus aonaid tomhais á gcur in iúl le siombailí nó le giorrúcháin:

      EUR 50, 250 kW, 205 μg, 5 °C

    • Ceadaítear focail nó figiúirí a úsáid le milliúin agus billiúin (féach Pointe 7.3.3) ach cloítear le córas amháin laistigh den aon téacs amháin

      EUR 2 000 000 nó EUR 2 mhilliún

  • codáin
    • Ná baintear úsáid as an bhfleiscín nuair a bhíonn codáin á gcur in iúl:

      tromlach dhá thrian; sé sheacht

  • deachúlacha:
    • I réimse an staidrimh, cuireann gach ionad de dheachúlacha le cruinneas, fiú más nialas é. Ní hionann 3.5 % agus 3.50 % ná 3½ %.
    • Úsáidtear córas na maoluimhreacha agus uimhreacha deachúla á lua.
    • Ná déantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ainmfhocal atá ar lorg uimhir dheachúlach, bíodh sí i bhfoirm focal nó figiúirí:

    ocht ponc a sé gram

    6.3 milliún

    5.2 méadar ciúbach

  • céatadáin:
  • uimhriú leathanach:
    • Cuirtear raon leathanach in iúl mar a leanas:

      lgh. 7-13, 312-17

      lch. 67 ar aghaidh

    • Scríobhtar ‘ó 50 go 100’ nó ‘50-100’ ach ná scríobhtar ‘ó 50-100’
    • Ná cuirtear figiúirí i dtús abairte más féidir sin a sheachaint. Scríobhtar an uimhir amach ina hiomláine nó úsáid seift eile:

      Trí bhreitheamh déag a bheidh ar an mór-dhlísheomra.

      Ba é 1847 an bhliain ba mheasa.

  • na huimhreacha pearsanta:
    • Úsáidtear na huimhreacha pearsanta (ó ‘beirt’ go ‘dháréag’) chun daoine a chomhaireamh

      Ceapfar beirt chomhaltaí arna n-ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

      Ceapfar 14 chomhalta dhéag roimh an 1 Eanáir 2021.