10.3.2. Dátaí
I dtéacsanna reachtacha úsáidtear ‘go’ seachas fleiscín (2015 go 2021).
blianta:
Scríobhtar ‘in BBBB’ seachas ‘sa bhliain BBBB’
in 1876
in 1945
in 2013
tréimhsí deich mbliana:
- Úsáidtear an foirceann ‘-í’
sna 1990í (seachas ‘na nóchaidí’)
dátaí:
- I gcorp téacs, mura tagairt don Iris Oifigiúil atá i gceist, is iondúil go scríobhtar na dátaí amach ina bhfoirm iomlán.
Úsáidtear an t‑alt agus tagairt á déanamh do dhátaí in abairt:
Vótáil an suí iomlánach an 31 Eanáir 2019.
arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2021
Seoltar na freagraí faoin 31 Nollaig 2021.
Beidh an córas seo éigeantach ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
Seachnaítear an t‑athrá. Más léir an bhliain atá i gceist, is féidir an bhliain a fhágáil ar lár:
An 8 Aibreán 2021, ghlac an coiste rialacha nós imeachta. An 17 Bealtaine, chinn an coiste gur ghá na rialacha sin a leasú.
Giorraítear na dátaí i bhfonótaí, agus i ndoiciméid neamhfhoirmeálta atá á n‑aistriú chun críoch faisnéise amháin. Ná cuirtear nialas chun tosaigh.
8.4.2021
Má luaitear an lá den tseachain, cuirtear camóg ina dhiaidh
Glacadh na miontuairiscí Dé Céadaoin, an 29 Aibreán 2021
Úsáidtear an dobhriathar ama 'Dé' agus tagairt á dhéanamh do laethanta ar leith:
Tionólfar an cruinniú Dé Céadaoin seo chugainn.
Má bhíonn réamhfhocal á úsáid roimh lá áirithe, déantar an t‑alt a chumasc leis an réamhfhocal:
Ní mór na hiarratais a bheith faighte faoin gCéadaoin, an 29 Aibreán 2021
Ná scríobhtar an réamhfhocal 'ar' roimh an dáta
Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2021.
I ndoiciméid fhoirmeálta áirithe scríobhtar amach i bhfocail na dátaí agus na tagairtí do dhátaí.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Ottawa, i ndúblach, an 28ú lá seo de Dheireadh Fómhair, naoi gcéad déag caoga a ceathair.
réimsí ama
I dtéacsanna reachtacha úsáidtear ‘go’ seachas fleiscín
2015 go 2021
Léirítear le tulslais gur aon bhliain amháin margaí ochta, airgeadais, acadúil atá i gceist (féach Pointe 10.1.9):
1991/1992
Tugtar an méid a leanas faoi deara:
ó 2020 go 2030 (seachas ó 2020-2030)
idir 2020 agus 2030 (seachas idir 2020-2030)
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach ón 18 go dtí an 19 Meitheamh 2021 (seachas …ón 18/19 Meitheamh 2021)
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh 2021 (seachas … an 18/19 Meitheamh 2021)
I dtéacsanna neamhreachtacha, cuirtear tréimhsí blianta in iúl le fleiscín dúnta, gan spás roimhe ná ina dhiaidh (féach Pointe 10.1.10):
2010-2020 (seachas 2010-20)
Má bhíonn tagairt do dhoiciméad nó d'imeacht sonrach, tugtar na dátaí agus na réimsí ama díreach mar a bhí siad i dteideal an doiciméid nó an imeachta:
An Caighdeán Oifigiúil, 2017
Scéim na Gaeilge 2019-2022
Tionscadal Éireann 2040