10.3.3. An t-am

Úsáidtear stad seachas idirstad sa chóras 24 uair an chloig agus sa chóras 12 uair an chloig.

  • Úsáidtear na réamhfhocail ‘ar’ (seachas ‘ag’), ‘faoi’, agus ‘roimh’ nó ‘tar éis’, ‘ó’ etc., gan an t-alt:

    ar 12.00, faoi 12.00, roimh 12.00, tar éis 12.00, ó 12.00

  • Úsáidtear an córas 24 uair an chloig nó an córas 12 uair an chloig agus a.m. nó p.m.:

    17.30 nó 5.30 p.m. (stad seachas idirstad)

  • Ná húsáidtear an nialas tosaigh:

    9.00 (seachas 09.00)

  • Más é buille na huaire a bhíonn i gceist, cuirtear isteach an dá nialas do na nóiméid:

    12.00 (nó mean lae)

    24.00 (nó mean oíche)

  • Más é an córas 12 uair an chloig atá á úsáid ná cuirtear isteach an dá nialas do na nóiméid:

    2 p.m.

    2 a chlog

    2.30 p.m.