10.4. Ceannlitreacha agus cás íochtair
Bíonn ceannlitir ar ainmfhocail agus ar theidil dhílse.
An bhunriail
Is é an bhunriail go mbíonn ceannlitir ar ainmfhocal dílis agus nach mbíonn ar ainmfhocal coiteann. Is minic a úsáidtear go hiomarcach na ceannlitreacha i dtéacsanna riaracháin agus tráchtála. Bítear tíosach maidir le húsáid ceannlitreacha. Má bhíonn amhras ann baintear úsáid as cás íochtair.
Ainmfhocail agus teidil dhilse
Bíonn ceannlitir ar ainmfhocail agus ar theidil dhílse:
Seán Ó Táilliúir; is é Seán an táilliúir
an Sior Ró-Onórach Alex Douglas
an Feisire Eorpach Seán Kelly
an Taoiseach Mícheál Martin
an Teachta Dála Éamon Ó Cuív
Cláir, beartais, cláir oibre, straitéisí, pleananna gníomhaíochta, etc.
Cás íochtair a úsáidtear dóibh seo:
Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle.
Athdhaingníonn an Chomhdháil a tiomantas do spriocanna straitéis Liospóin.
Glacadh an séú clár réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh.
Tarraingeoidh na Ballstáit suas clár bainistíochta comhshaoil agus plean gníomhaíochta.
Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh.
Acrainmneacha/inisialachais
Ní hionann acrainm nó inisealachas a bheith ann agus a rá go gcaitear ceannlitreacha a úsáid nuair a scríobhtar amach an nath ina iomláine:
cáin bhreisluacha (CBL)
an comhbheartas talmhaíochta (CBT)
ach scríobhtar an Banc Ceannais Eorpach (BCE) (mar gurb é seo ainm oifigiúil na hinstitiúide)
Teidil eagraíochtaí, institiúidí, stiúrthóireachtaí, aonad, rannóg, sealbhóirí oifige, coistí, toscaireachtaí, etc.
Úsáidtear ceannlitreacha tosaigh ar na hainmfhocail agus na haidiachtaí ar fad nuair a bhíonn an t‑ainm á scríobh amach ina iomláine:
Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin
an tAonad Preasa
Uachtarán na Comhairle
an Chomhairle Eorpach
Uachtarán Phoblacht na Fraince
an Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus Airgeadas
an Mheitheal um Víosaí
Toscaireacht na Gearmáine
Leas-Chathaoirleach an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
an Ghluaiseacht Frith-Apartheid
Úsáidtear cás íochtair agus tagairt ghinearálta á déanamh d'ardstiúrthóireachtaí, rannóga nó aonaid neamhainmnithe, agus d‘institiúidí an Aontais i dteannta a chéile.
Úsáidtear ceannlitreacha tosaigh agus tagairt á déanamh do chomhlachtaí buana (e.g. Toscaireacht an Aontais Eorpaigh chun na Stát Aontaithe), ach ná húsáidtear do ghrúpaí ad hoc (e.g. toscaireacht na Polainne chuig cruinniú).
Úsáidtear ‘u’ i gcás íochtair d’uachtaránacht na Comhairle (mar go bhfuil sí seo ginearálta) ach ceannlitir thosaigh d’uachtaránachtaí aonair:
Tuairisc ó Uachtaránacht na Portaingéile.
Mar sin féin, i gcás ainmneacha fada ar cosúla le cur síos ná le fíortheidil iad, úsáidtear ceannlitir thosaigh don cheannfhocal agus cás íochtair don chuid eile den ainm:
An Coiste um oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus um chur chun feidhme na dtreoracha maidir le dramhaíl.
Meitheal chomhpháirteach FAO/CE maidir le staidreamh i ndáil le táirgí foraoise agus le táirgí foraoise.
Coinnítear caipitliú na bunteanga má atáirgtear ainm institiúide iasachta:
Banque centrale du Luxembourg
Má aistrítear an t‑ainm go Gaeilge leantar nós na Gaeilge maidir le ceannlitreacha:
Banc Ceannais Lucsamburg
Tagairtí do reachtaíocht an Aontais.
Úsáidtear ceannlitir agus na focail rialachán, cinneadh, treoir, iarscríbhinn agus airteagal á scríobh i dteidil, nuair a bhíonn uimhir ag teacht ina ndiaidh, más léir gur tagairt iad d’ionstraimí ar leith de chuid an Aontais, nó má bhíonn siad sainmhínithe.
An Rialachán maidir le CEM Aonair an gearrtheideal atá ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta.
Is in Airteagal 1 a shainítear ábhar agus raon feidhme an rialacháin atá beartaithe.
Cumhdaítear leis an gCinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (‘an Rialachán’). Glacadh an Rialachán an 11 Samhain 2002.
Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil laistigh de dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.Sa chás seo, ní mór foirmlithe réamhráiteacha lena sainaithnítear raon feidhme na leasuithe go soiléir a chur san iarscríbhinn a ghabhann leis an ngníomh leasaitheach.
Dréacht-Chonclúidí ón gComhairle maidir le Taidhleoireacht Aeráide.
Úsáidtear cás íochtair le haghaidh tagairtí do rialacháin, treoracha, etc. más á lua ar bhealach ginearálta atáthar agus nuair atáthar ag tagairt do reachtaíocht nach bhfuil rite do beartaithe. (i.e. dréachtrialacháin, treoir ionchasach nua):
Níor cheart struchtúr na n‑airteagal a bheith róchasta.
Má tá na téarmaí achtacháin rómhionsonraithe agus mura bhfágtar go leor rogha iontu, rialachán is ea an ionstraim oiriúnach, seachas treoir.
Ag féachaint don dréachtchinneadh arna thíolacadh ag an gCoimisiún Eorpach.
Ag féachaint don dréacht-treoir arna tíolacadh ag an gCoimisiún Eorpach
Glacadh na rialacháin maidir le hastaíochtaí deataigh.
Sa chás seo, ní mór foirmlithe réamhráiteacha lena sainaithnítear raon feidhme na leasuithe go soiléir a chur san iarscríbhinn a ghabhann leis an ngníomh leasaitheach.
Gheobhaidh na toscaireachtaí i gceangal leis seo na dréachtchonclúidí ón gComhairle maidir leis an ábhar thuasluaite, a d'ullmhaigh an Coiste Fostaíochta i gcomhpháirt leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta.
Teidil iomlána comhaontuithe idirnáisiúnta, comhdhálacha, coinbhinsiún, etc.
Úsáidtear ceannlitreacha tosaigh ar na hainmfhocail agus na haidiachtaí ar fad nuair a bhíonn an t‑ainm á scríobh amach ina iomláine:
Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Caife (‘ICA’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2008/579/CE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 2 Feabhra 2011.
an Chomhdháil um Shlándáil agus Comhar san Eoraip
an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil
Ach úsáidtear cás íochtair agus tagairt á déanamh don chomhaontú nó don chomhdháil ina dhiaidh sin.
Foilseacháin.
I gcás leabhar, irisí, nuachtán agus tréimhseachán, is iondúil go n‑úsáidtear ceannlitir thosaigh i ngach focal den teideal nach alt, réamhfhocal ná cónasc, agus is i gcló iodálach a luaitear iad:
Daily Mail, Cambridge Journal of Economics, PM2 Project Management Methodology Guide, an Treoir Stíle Idirinstitiúideach, An Claíomh Solais, Feasta.
I gcás fhormhór fhoilseacháin an Aontais, áfach, is ar chéadfhocal an teidil agus ar aon ainmfhocail dhílse (agus go minic ar aidiachtaí a eascraíonn ó ainmfhocail dhílse) a chuirtear ceannlitir:
Dearcadh eacnamaíoch agus buiséadach don Aontas Eorpach 2017, Lámhleabhar maidir leis an dlí Eorpach a bhaineann le tearmann, teorainneacha agus inimirce.
I gcás teidil alt a fhoilsítear in irisí nó mar chaibidlí de leabhair, agus i gcás ailt nuachtáin, is ar chéadfhocal an teidil agus ar aon ainmfhocail dhílse (agus go minic ar aidiachtaí a eascraíonn ó ainmfhocail dhílse) a chuirtear ceannlitir. Is i gcló rómhánach agus idir chomharthaí athfhriotail a scríobhtar iad:
‘Ionmholta Malairt Bhisigh: An Caighdeán Oifigiúil 1958-2008.’