10.5. Giorrúcháin, coimriúcháin, acrainmneacha agus siombailí
Cé go gceadaítear in an Caighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t‑alt, moltar an córas gan an t‑alt a úsáid sa reachtaíocht (e.g. in AE).
Is éard is giorrúchán ann ainm a chumtar as túslitreacha ainm ilfhoclaigh (e.g. BCE, AE).
Is éard is acrainm ann ainm a chumtar as túslitreacha ainm ilfhoclaigh (e.g. NATO, Unesco), a bhfuil níos mó ná dhá litir ann agus ar féidir é a fhoghrú mar fhocal ann féin. Mar ghnáthphrionsabal, ná cuirtear poncanna idir ceannlitreacha in acrainmneacha ná i ngiorrúcháin.
Tugtar faoi deara an difríocht idir focal giorraithe agus coimriúchán. Cailltear deireadh an fhocail (Uimh., Uas.) san fhocal giorraithe agus cailltear litreacha laistigh den fhocal (Dr) sa choimriúchán. Ná cuirtear an ponc i ndiaidh an choimriúcháin, ach amháin i gcás ‘lch.’ agus ‘lgh.’. Cuirtear an ponc i gcónaí i ndiaidh an fhocail ghiorraithe.
Seachnaítear giorrúcháin agus acrainmneacha mura féidir ciall a bhaint astu. D’fhonn soiléireacht a chinntiú, scríobhtar an t‑ainm ilfhoclach óna n‑eascraíonn an giorrúchán nó an t‑acrainm amach ina iomláine ar an gcéad lua, cuirtear an giorrúchán nó an t‑acrainm ina dhiaidh idir lúibíní agus is é an giorrúchán nó an t‑acrainm a úsáidtear ina dhiaidh sin. Sa chás nach ndéantar mar sin é, ba cheart liosta de na giorrúcháin agus de na hacrainmneacha (agus iad mínithe) a chur le réamhábhar an tsaothair.
I gcás acrainm ina bhfuil sé litir nó níos mó, ainmneacha clár san áireamh, is gnách go mbíonn an túslitir sa chás uachtair agus na litreacha eile sa chás íochtair (e.g. Unesco, Esprit), ach amháin má mheastar go bhfágfadh sin go bhféadfaí an t‑acrainm a thógáil in amhlachas rud eile ar nós ainm duine, e.g. MATTHAEUS; sa chás sin is féidir an t‑acrainm uile a scríobh sa chás uachtair.
De réir mhír 3.2.3(c) de An Caighdeán Oifigiúil, 2017 chun giorrúchán nó acrainm a dhéanamh iolra de ghiorrúchán nó d'acrainm a chruthú cuirtear ‘anna’ leis má chríochnaíonn sé ar chonsan agus ‘nna’ leis má chríochnaíonn sé ar ghuta, e.g. DVDanna; POnna.
Déantar tagairt do ghiorrúchán nó d’acrainm mar ainmfhocal firinscneach uatha.
Ná déantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ghiorrúchán ná ar acrainm riamh, e.g. an AE; i gcomparáid le AE-27; faoi SAM (Stáit Aontaithe Mheiriceá). Ná ciorraítear na réamhfhocail ‘de’ nó ‘do’ go ‘d’ ’ roimh ghiorrúchán nó acrainm a thosaíonn ar ghuta, e.g. dliteanais theagmhasacha a ghiniúint do AE.
Cé go gceadaítear in an Caighdeán Oifigiúil, 2017 dhá chóras éagsúla maidir le scríobh giorrúchán, córas an ailt agus córas gan an t‑alt, moltar an córas gan an t‑alt a úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, úsáidtear ‘in AE’ (san Aontas Eorpach); ‘Ballstáit AE’ (Ballstáit an Aontais Eorpaigh); ‘ag NA’ (ag na Náisiúin Aontaithe).
An giorrúchán ‘AE’: déantar iarracht an giorrúchán ‘AE’ a sheachaint i dtéacsanna cumarsáide (téacsanna don ghréasán, etc.), e.g.:
The future of schools policy in the EU
Todhchaí na mbeartas scolaíochta san Aontas
The number of registered victims of trafficking in the EU in 2015-16
Líon na n‑íobartach gáinneála ar dhaoine a bhí cláraithe san Aontas Eorpach in 2015-16
Nuair is féidir é is fearr an giorrúchán ‘AE’ a sheachaint i dtéacsanna reachtaíochta freisin (go háirithe i meabhráin mhíniúcháin):
Not applicable as international trade is an exclusive EU competence
Ní infheidhme dó seo ós rud é gurb inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh atá sa trádáil idirnáisiúnta
… is also consistent with the objectives of this Regulation with respect to international and EU security
i gcomhréir … le cuspóirí an Rialacháin seo freisin i dtaca le slándáil idirnáisiúnta agus le slándáil an Aontais Eorpaigh
Faoi mar a leagtar síos sa chóras gan an t‑alt in An Caighdeán Oifigiúil 2017, is mar ainmfhocail chinnte a phléitear le giorrúcháin agus le hacrainmneacha agus ní chuirtear an t‑alt rompu. Más gá, áfach, ceadaítear i dtéacsanna de chuid an Aontais Eorpaigh an giorrúchán a úsáid mar aidiacht. Is ar bhonn eisceachtúil a dhéantar seo agus seachnaítear é más féidir.
Faoi mar atá molta thuas b’fhearr an giorrúchán ‘AE’ a sheachaint más féidir. Seo thíos, áfach, roinnt samplaí dá úsáid (lena n‑áirítear an úsáid aidiachtach):
an EU regulation (ainmfhocal éiginnte) — rialachán de chuid AE
the EU regulation (úsáid aidiachtach) — an rialachán AE (is léir gur úsáid aidiachtach atá anseo mar go bhfuil an t‑alt roimh an ainmfhocal)
(an) EU Member State (ainmfhocal éiginnte) — Ballstát de chuid AE
the EU Member States — Ballstáit AE (Ballstáit go léir an Aontais Eorpaigh)
EU Member States — Ballstáit de chuid AE
EU type approval (úsáid aidiachtach) — cineálcheadú AE
those EU type approval requirements (úsáid aidiachtach) — na ceanglais cineálcheadaithe AE sin
Giorrúcháin agus acrainmneacha a aistriú – 10 riail láimhe:
Ní gnách acrainm (is é sin giorrúchán a deirtear mar a bheadh focal ann) a aistriú, e.g. EPSO, OLAF, Unesco, TTIP.
Ní gnách giorrúcháin i réimsí teicniúla a aistriú, go háirithe an cheimic agus an ríomhaireacht, e.g. PBB, HTML.
Ní gnách giorrúcháin a aistriú atá ceaptha chun an focal ‘Eoraip’ a chur in iúl, e.g. EUIPO.
Tá go leor cistí, clár, scéimeanna, srl. de chuid an Aontais ann, agus tá giorrúchán Gaeilge leagtha síos sa ghníomh dlí lenar bunaíodh iad, e.g. the Connecting Europe Facility (CES), Saoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE); European fund for strategic investments (EFSI), European fund for strategic investments (EFSI), Ciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha (CEIS); the European Maritime and Fisheries Fund (EMFF), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Sna cásanna sin is éigean an leagan Gaeilge den ghiorrúchán a úsáid. Ní mór i gcónaí na fasaigh a scrúdú chun a fháil amach ar leagadh síos giorrúchán Gaeilge nó nár leagadh.
Má bhíonn amhras ar an aistritheoir cé acu is ceart nó nach ceart giorrúchán nua (is é sin ceann nár aistríodh roimhe go Gaeilge) a aistriú is ceart dó breathnú in IATE féachaint an bhfuil sé ann i dteangacha eile agus má tá, féachaint cad a rinneadh sna leaganacha teanga sin, agus cloí le rogha na coitiantachta mura bhfuil aon chúis mhaith le gan sin a dhéanamh, e.g. Supervisory Review and Evaluation Process (SREP), Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP).
Is minic a úsáidtear giorrúchán sna buntéacsanna de ghrá na hachomaireachta, e.g. UCITS (undertaking for collective investment in transferable securities), UHP (unit of homogenous production), go háirithe i gcás téarmaí tuairisciúla (is é sin téarmaí atá ina gcur síos ar choincheap, murab ionann agus ainm eagraíochtaí, scéimeanna, srl.). Sa chás sin moltar an gá atá le hachomaireacht sa téacs Gaeilge a mheas agus cinneadh a dhéanamh dá réir. Uaireanta is fusa an téarma a scríobh ina fhocail (e.g. chun fadhbanna comhréire a sheachaint nó toisc amhras a bheith ann faoi úsáid an ailt), uaireanta eile, e.g. i gcás téarma fada, b’fhearr giorrúchán a úsáid chun léamh an téacs a éascú. E.g. CAs (competent authorities), údaráis inniúla; OTC (over the counter), thar an gcuntar (ní fiú giorrúcháin GA a cheapadh sna cásanna sin agus b’fhearr an téarma a scríobh ina fhocail).
Ó am go chéile tugtar treoir shonrach gan giorrúchán a aistriú. Uaireanta bíonn treoir den saghas sin le fáil in IATE san iontráil a bhaineann le hábhar, nó iarrann an t‑údar go sonrach gan an giorrúchán a aistriú. Sa chás sin moltar an t‑eolas sin a chlárú in IATE.
Tá iontrálacha áirithe in IATE agus tá níos mó ná giorrúchán amháin tugtha san iontráil Gaeilge agus preferred ag gabháil le ceann acu, e.g. DCI; is ceart cloí leis an gceann a bhfuil preferred ag gabháil leis mura bhfuil cúis mhaith le gan sin a dhéanamh.
I gcás nithe móra idirnáisiúnta, e.g. eagraíochtaí agus caighdeáin idirnáisiúnta, nach mbaineann leis an Aontas Eorpach agus a bhfuil aithne mhaith ag daoine ar ghiorrúchán a n‑ainm, e.g. ILO, ISO, OECD, bunús mór an ama is fearr gan giorrúchán Gaeilge a úsáid. Is ceart seo a choinneáil i gcuimhne: má thograíonn an t‑aistritheoir giorrúchán Gaeilge a úsáid gach seans nach dtuigfidh an léitheoir an bhrí ar an gcéad léamh (go háirithe mura bhfuil an giorrúchán sin ar taifead, e.g. i mbunachar téarmaí). Cuir i gcás IAS (International Accounting Standards); is túisce a thuigfí ‘Caighdeáin Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS)’ ná ‘Caighdeáin Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (CIC)’.
I gcás nithe a bhaineann go dlúth leis an Aontas Eorpach, níl sé as an áireamh leagan Gaeilge den ghiorrúchán a cheapadh ó tharla gur ceann de theangacha oifigiúla an Aontais í an Ghaeilge. Is ar bhonn na dtreoracha thuas is ceart an cinneadh le déanamh.
Giorrúcháin/coimriúcháin ar na míonna:
| Leagan iomlán | Leagan giorraithe(1) |
|---|---|
| Eanáir | Ean |
| Feabhra | Feabh |
| Márta | Márta |
| Aibreán | Aib |
| Bealtaine | Bealt |
| Meitheamh | Meith |
| Iúil | Iúil |
| Lúnassa | Lún |
| Meán Fómhair | M.F. |
| Deireadh Fómhair | D.F. |
| Samhain | Samh |
| Nollaig | Noll |
Faoi mar atá in úsáid ar EUR-LEX: https://eur-lex.europa.eu/statistics/2019/usage.html?locale=ga.
Aonaid tomhais agus siombailí eolaíochta: ní gá ponc a chur i ndiaidh ‘ha’ (heicteár), ‘km’, ‘mg’, etc. Cuirtear spás idir iad agus an figiúr; níl uimhir iolra acu: 4 ha, 9 m, 20 psi, 55 dB(A), 2000 kc/s.
Samplaí coitianta:
| An leagan i mBéarla | An leagan i nGaeilge |
|---|---|
| p | lch. |
| pp | lgh. |
| No | Uimh. |
| Nos | Uimh.(1) |
| Ltd (Limited) | Teo. |
| MEP | FPE |
| MP | FP |
| EST (Eastern Standard Time) | ACO (Am Caighdeánach Oirthearach) |
Tugtar faoi deara nach ann d’uimhir iolra an fhocail ghiorraithe ‘Uimh.’.