10.6. Cló iodálach
De ghnáth scríobhtar focail Laidine i gcló iodálach (e.g. ex ante).
Úsáidtear cló iodálach nuair a bhíonn ainmneacha na nithe seo a leanas á scríobh:
- teidil leabhar, scannán nó drámaí
- ainmneacha irisí ( scríobhtar an t-alt le ceannlitir más cuid den teideal é, e.g. Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, An tUltach);
focail agus frásaí gearra ó theangacha iasachta: Länder, carte blanche, de jure, de facto, inter alia; seachas ainmneacha dílse, ainmneacha daoine, institiúidí, áiteanna, etc.
Tugtar faoi deara nach gcuirtear cló iodálach ar gach focal iasachta, áfach, agus go bhfágtar cuid díobh i gcló rómhánach cuid díobh:
cul de sac, rannpháirtí in coup d’état
- ainmneacha long;
- foirmlí matamaitice;
NB:
Ba cheart d’údair a bheith airdeallach agus idirdhealú a dhéanamh idir l (an litir ‘I’ i gcás íochtair) agus 1 (an uimhir 1), idir O (an ceannlitir O) agus 0 (nialas) agus idir an uimhir rómhánach I agus an ceannlitir I.
- ainmneacha eolaíocha Laidine flóra agus fána;
- brollach nó iarfhocal saothair, nóta an fhoilsitheora agus, aon chuid de shaothar nár scríobh an t-údar.
Úsáidtear comharthaí athfhriotail, seachas cló iodálach, chun athfhriotal as leabhair agus irisí a lua. Ná húsáidtear cló iodálach agus comharthaí athfhriotail le chéile.
Giorrúcháin agus frásaí Laidine
Is ceart a bheith tíosach san úsáid a bhaintear as focail Laidine, mar is minic a chothaíonn siad míthuiscint nó is minic a bhaintear mí-úsáid as na frásaí is coitianta, fiú.
- Scríobhtar na giorrúcháin Laidine uile i gcló rómhánach:
e.g.; et al.; et seq.; ibid.; i.e.; NB; op. cit.
- De ghnáth scríobhtar focail Laidine i gcló iodálach (e.g. ex ante).