10.7.1. Teideal gnímh reachtaigh
Ní mór cloí leis an leagan foilsithe den teideal Gaeilge atá ar EUR-Lex nó an leagan Gaeilge den teideal atá sa bhailiúchán den reachtaíocht Eorpach ar gaois.ie. Murab ann dó, caithfear é a aistriú.
Más teideal gnímh reachtaigh atá ann (e.g. teideal rialacháin nó treorach), ní mór leagan Gaeilge den teideal sin a úsáid san aistriúchán.
Má tá an gníomh féin ar fáil as Gaeilge, ní mór cloí leis an teideal atá air sa leagan foilsithe (EUR-Lex).
Más gníomh leasaitheach atá á aistriú, agus tagairt do theideal gnímh reachtaigh nach ann dó i nGaeilge sa ghníomh leasaitheach sin, ní mór féachaint ar luadh an teideal sin áit éigin sa bhunghníomh. Má luadh, is ceart cloí leis an leagan den teideal atá sa bhunghníomh.
Sa chás nach bhfuil leagan Gaeilge den teideal ar fáil (i.e. níor foilsíodh an gníomh sin i nGaeilge ná níor foilsíodh aon tagairt dó agus níl aon leagan de ar www.gaois.ie), caithfear é a aistriú.
Má tá leagan Gaeilge amháin den teideal sa bhailiúchán den reachtaíocht Eorpach atá ar www.gaois.ie agus é sásúil, ba cheart an leagan sin a úsáid.
Má tá leaganacha éagsúla Gaeilge sna cuimhní leictreonacha nó má tá leaganacha éagsúla Gaeilge den teideal foilsithe i ngníomhartha éagsúla reachtacha, ba cheart smaoineamh ar na nithe seo a leanas agus cinneadh á dhéanamh:
- An bhfuil leagan ar leith ann atá i bhfad níos coitianta ná na cinn eile? An bhfuil an leagan sin sásúil?
- Maidir leis na gníomhartha éagsúla reachtacha, an gníomhartha iad ar fad a bhaineann go dlúth le hábhar?
- An bhfuil botúin in aon cheann de na leaganacha éagsúla? Má tá, is féidir é a chur as an áireamh.
- Más difear ó thaobh téarmaíochta atá ann ní mór oiriúnacht na dtéarmaí éagsúla a mheas. An bhfuil téarma amháin níos iontaofa (toisc é a bheith in IATE nó níos coitianta sa reachtaíocht a bhaineann le hábhar, mar shampla)?