10.7.3. Doiciméid agus foilseacháin ghinearálta nach de chuid na n-institiúidí iad
Úsáidtear bunteideal an fhoilseacháin faoi chló iodálach gan aon aistriúchán Gaeilge ag gabháil leis.
I gcás doiciméid agus foilseacháin ghinearálta agus sheachtracha nach doiciméid de chuid na n institiúidí iad agus nach gnách iad a bheith ar fáil ach sa teanga fhoinseach inar scríobhadh iad (e.g. teidil tréimhseachán, leabhar, nuachtán agus treoirleabhar), úsáidtear an bunteideal faoi chló iodálach (is é sin mura bhfuil leagan Gaeilge den saothar foilsithe) gan aon aistriúchán Gaeilge ag gabháil leis:
Is as Actus Reus and Participation in European Criminal Law a tógadh na sonraí sin.
In alt a scríobhadh in Le Monde le déanaí, …