10.8. Réamhfhocail agus frásaí réamhfhoclacha

Tá nósanna áirithe in úsáid chun comhleanúnachas ó theideal go chéile a chinntiú agus chun an ghaolmhaireacht idir príomhghnéithe an teidil a leagan amach ar bhealach soiléir, soléite.

Baintear úsáid go forleathan as réamhfhocail agus frásaí réamhfhoclacha i gcás na dteideal ar dhoiciméid agus tá nósanna áirithe in úsáid chun comhleanúnachas ó theideal go chéile a chinntiú agus chun an ghaolmhaireacht idir príomhghnéithe an teidil (an cineál doiciméid, an t-údar, an seolaí, an t ábhar, etc.) a leagan amach ar bhealach soiléir, soléite. Tugtar samplaí anseo thíos de na réamhfhocail agus na frásaí réamhfhoclacha is mó a bhíonn i dteidil ar dhoiciméid de chuid na n-institiúidí.

  1. Togra le haghaidh gníomh reachtach:

    Togra le haghaidh Rialachán/Treoir/Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

  2. An gníomh reachtach féin:

    Rialachán/Treoir/Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

    Rialachán/Treoir/Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear … [eagraíocht nó rialacha]

    Rialachán/Treoir/Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear … [gníomh reachtach]

    Rialachán/Treoir/Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos … [sraith rialacha nó nós imeachta]

  3. Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa (ina luaitear teideal doiciméid reachtaigh):

    Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

  4. Moladh ó Pharlaimint na hEorpa:

    Moladh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

    Moladh ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

    Moladh don dara léamh ar an seasamh ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

    Moladh go gcuirfear ar atráth an [gníomh reachtach] i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

  5. Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa

    Rún Reachtach ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

    Rún maidir le … [ní nó beartas ar leith] (i.e. níl teideal doiciméid eile luaite sa teideal)

  6. Seasamh ón gComhairle:

    Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]

  7. Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa:

    Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le

    Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le … [ní nó beartas ar leith]