10.9. Nithe ilchineálacha

Úsáidtear an chamóg dheachúil in eagráin uile na hIrise Oifigiúla (amhail ón 1 Márta 1983).

  1. Seachnaítear an focal ‘viz.’; úsáidtear ‘eadhon’ ina ionad sin. Tá ‘cf.’ inghlactha agus mar sin ná haistrítear é go ‘féach’.
  2. Ná húsáidtear an téarma ‘Cómhargadh’ mar thagairt don Aontas. Is féidir, áfach, ‘cómhargadh’ a úsáid i gcás íochtair ina leithéid seo de chás:

    an cómhargadh do tháirgí talmhaíochta a oibriú

  3. Úsáidtear i gcónaí ‘Cinn Stáit nó Rialtais’, ná húsáidtear ‘Ceannairí Stáit nó Rialtais’, ná aon fhoirm eile.
  4. Is mar a leanas a aistrítear:

    Ministry of …An Aireacht Oideachais/Fostaíochta

    Minister for …An tAire Oideachais agus Eolaíochta (in Éirinn)

  5. Cuirtear míreanna agus pointí uimhrithe idir lúibíní, agus gan spás eatarthu, i ndiaidh uimhir airteagail; úsáidtear míreanna neamhuimhrithe roimh an airteagal:

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc den dara fomhír in Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. …

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt den tríú fomhír d’Airteagal 13(2) …

  6. Ná giorraítear an focal Airteagal go ‘Airt’ i gcorp téacs. Ná húsáidtear an comhartha §. Ciallaíonn sé ‘roinn’ i mBéarla ach ‘mír’ i dteangacha eile.
  7. Úsáidtear ponc iomlán ina shuí ar an líne le haghaidh pointe deachúil. Is féidir eisceachtaí ón riail seo a dhéanamh i bhfoilseacháin ilteangacha, i saothair staidrimh agus i saothair ina bhfuil táblaí a chumtar d’aon iarraidh le haghaidh gach leagan teanga — tá an chamóg dheachúil inghlactha le haghaidh na n-eisceachtaí sin. Tá údaráis na Ríochta Aontaithe agus údaráis na hÉireann tar éis a chomhaontú go mbainfear úsáid as an gcamóg dheachúil in eagráin uile na hIrise Oifigiúla (amhail ón 1 Márta 1983).
  8. Teideal a bhfuil dhá líne ann:
    Ó am go ham, bíonn teideal a bhfuil dhá líne ann sa teanga fhoinseach le haistriú.
    Mar shampla:

    A Clean Planet for all A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competititve and climate neutral economy

    Ba cheart an briseadh idir an dá líne a léiriú sa leagan Gaeilge trí dhais a úsáid, ach amháin i gcás ina bhfuil an briseadh idir an dá líne tugtha le fios go soiléir ar bhealach eile sa teanga fhoinseach.
    Dá réir sin, maidir leis an sampla thuas, ba cheart an teideal a leagan amach mar seo i nGaeilge:

    Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach

    Úsáidtear ponc iomlán ina shuí ar an líne le haghaidh pointe deachúil. Is féidir eisceachtaí ón riail seo a dhéanamh i bhfoilseacháin ilteangacha, i saothair staidrimh agus i saothair ina bhfuil táblaí a chumtar d’aon iarraidh le haghaidh gach leagan teanga — tá an chamóg dheachúil inghlactha le haghaidh na n-eisceachtaí sin. Tá údaráis na Ríochta Aontaithe agus údaráis na hÉireann tar éis a chomhaontú go mbainfear úsáid as an gcamóg dheachúil in eagráin uile na hIrise Oifigiúla (amhail ón 1 Márta 1983).

  9. Is iondúil nach gcuirtear teidil ar nós ‘Uasal’ nó ‘Bean’ le hainm duine ach go n-úsáidtear ainm agus sloinne an duine astu féin. I ngnáth-théacsanna reachtaíochta agus riaracháin, ná haistrítear ‘Mr’ ná ‘Ms’ ach déantar céadainm an duine a lorg, más gá sin a dhéanamh, agus a úsáid:

    Is í Ursula von der Leyen an chéad bhean a toghadh ina huachtarán ar fheidhmeannas an Aontais.Thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, a aitheasc bliantúil ar Staid an Aontais inné.

    I dtéacsanna foirmeálta, más gá Mr nó Ms a aistriú, scríobhtar ‘an tUasal’ roimh ainm an duine, gan beann ar inscne an duine:

    An tUasal Angela MerkelAn tUasal Charles Michel

    I bhfoirmeacha ina n-iarrtar ar dhuine teideal a roghnú, úsáidtear an córas seo a leanas:

    An tUasal (fear)

    An tUasal (bean)

    Rud eile

    Dada

    I bParlaimint na hEorpa, i gcás inar gá teideal agus inscne an duine a shonrú roimh chéadainm nó roimh chéadainm agus sloinne, mar shampla i bhfoirmeacha atá le comhlánú, i litreacha agus teachtaireachtaí oifigiúla, úsáidtear an cur chuige seo a leanas:

    B. Uas. Ní Mhurchú
    B. Uas. Máire Uí Mhurchú
    F. Uas. Ó Murchú
    F. Uas. Seán Ó Murchú