11. Saothair thagartha
Tá comhsheasmhacht sa litriú agus stíl chaighdeánach cur i láthair do shaothair de chuid an Aontais bunriachtanach; chuige sin, tagraíonn Oifig na bhFoilseachán do na heagráin is déanaí de na foilseacháin atá liostaithe anseo.
Maidir le téacsanna a fhoilsítear i nGaeilge san Iris Oifigiúil, is iad seo a leanas na príomhshaothair thagartha:
(a) ceisteanna litrithe agus teanga:
- Foclóir Gaeilge-Béarla, Ó Dónaill (Oifig an tSoláthair),
- English-Irish Dictionary, De Bhaldraithe (An Gúm),
- An Foclóir Beag (An Gúm),
- Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (An Gúm),
- Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (Seirbhís Thithe an Oireachtais, 2017),
- Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal Eile (Lagan Press),
- Achtanna an Oireachtais 1922-2009: (www.achtanna.ie), Irish Statue Book (http://www.irishstatutebook.ie/eli/acts.html#),
- An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge: (www.tearma.ie),
- Acmhainn, láithreán áiseanna Gaeilge: (www.acmhainn.ie),
- Gaois, ardán acmhainní teanga agus téarmaíochta: (www.gaois.ie),
- IATE, bunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh: (http://iate.europa.eu),
- New Hart’s Rules: The Handbook of Style for Writers and Editors (Oxford University Press)1;
(b) ábhair a bhaineann le dréachtú na reachtaíochta:
- Lámhleabhar Comhpháirteach maidir le Gníomhartha atá faoi réir an Ghnáthnós Imeachta Reachtaigh a Leagan Amach agus a Dhréachtú (An Pharlaimint, An Chomhairle, An Coimisiún), eagrán mhí Eanáir 2018,
- Legislative drafting — a Commission manual2,
- An Treoirleabhar Comhchleachtais ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún dóibh siúd atá rannpháirteach i ndréachtú reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2015;
(c) acrainmneacha agus giorrúcháin:
- IATE (bunachar sonraí le haghaidh téarmaíocht a bhailiú, a scaipeadh agus a chomhbhainistiú idir institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh);
(d) teidil, ábhar, na leasuithe is deireanaí ar ghníomhartha etc. a sheiceáil:
- EUR-Lex (a sholáthraíonn rochtain dhíreach saor in aisce ar dhlí an Aontais Eorpaigh. Is féidir cuardach a dhéanamh freisin san Iris Oifigiúil, sna conarthaí, sa chásdlí agus sna fógraí reachtacha);
(e) chun profáil a dhéanamh ar phrofaí clóite den Iris Oifigiúil (rialacha leagan amach, cló, etc.):
Ina theannta sin, is buantagairtí iad eagráin áirithe den Iris Oifigiúil i réimsí amhail an talmhaíocht, an iascach, comhaontuithe trádála, an Ainmníocht Chomhcheangailte, comhaontuithe le tríú tíortha, etc.
Ní úsáidtear an saothar seo ach mar threoir don phoncaíocht agus don leagan amach.
Is doiciméad inmheánach le haghaidh fhoireann na n-institiúidí Eorpacha é seo.