2.1. An teideal

Is éard atá i dteideal iomlán gnímh: an saghas gnímh, an uimhir, ainm na hinstitiúide, dáta a ghlactha agus tuairisc ghearr ar an ábhar.

Is éard atá i dteideal iomlán gnímh:

  • an saghas gnímh (rialachán, treoir, etc.),
  • an uimhir (i.e. an giorrúchán nó na giorrúcháin is ábhartha (‘AE’, ‘Euratom’, ‘AE, Euratom’, ‘CBES’), an bhliain agus uimhir sheicheamhach an ghnímh),
  • ainm na hinstitiúide (na n-institiúidí) nó an chomhlachta a ghlac an gníomh,
  • dáta a ghlactha (dáta a shínithe i gcás gníomhartha arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle),
  • tuairisc ghearr ar an ábhar,
  • an uimhir a shann an t-údar don ghníomh (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Phointe 1.2.2) i gcás gníomhartha ina bhfuil uimhriú dúbailte.

I bPointe 3.2 leagtar síos na rialacha maidir le tagairtí do theideal.

Má leasaítear teideal gnímh le gníomh eile nó má dhéantar ceartúchán ar an teideal, is é an teideal leasaithe nó ceartaithe a luaitear i gcónaí ina dhiaidh sin.

NB:

Ar an gcéad leathanach den ghníomh is féidir ‘códú’ nó ‘athmhúnlú’ a lua faoin teideal. Scríobhtar an téarma seo i mionlitreacha agus i gcló trom, faoin teideal, idir lúibíní. Ní luaitear é i dtagairtí don ghníomh atá i gceist.