2.2.2. Aithrisí

Tugann na haithrisí na cúiseanna atá le hábhair théarmaí achtúcháin (i.e. airteagail) an ghnímh.

Tugann na haithrisí na cúiseanna atá le hábhair théarmaí achtúcháin (i.e. airteagail) an ghnímh.

Úsáidtear an abairt ‘De bharr an mhéid seo a leanas:’ ag tús na n-aithrisí. Uimhrítear iad, cuirtear ceannlitir ag tús gach abairte i ngach aithris agus cuirtear lánstad ag deireadh gach abairte, ach amháin an abairt dheireanach san aithris dheireanach a gcuirtear camóg ag a deireadh, agus cuirtear i láthair iad mar seo a leanas:

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gné shár-riachtanach do sholáthar fuinnimh […].

(2)

Tá méadú an-tapa tagtha le 10 mbliana anuas ar thomhailt an gháis san Eoraip […].

[…]

(50)

Ba cheart Treoir 2004/67/CE a aisghairm,

Sa téacs, luaitear mar a leanas iad (figiúirí gan lúibíní):

aithris 1, aithris 2, etc.

Mura bhfuil ach aon aithris amháin ann, ní bhíonn aon fhleasc ná aon uimhriú ann. Cuirtear ‘De bharr an mhéid seo a leanas:’ ar líne ar leith. Cuirtear camóg ag deireadh na habairte.

De bharr an mhéid seo a leanas:

Chun na riachtanais maidir le staidreamh a chumhdach maidir leis na topaicí mionsonraithe ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1700, ba cheart don Choimisiún líon agus teidil na n-athróg a shonrú maidir leis an tacar sonraí i bhfearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2023,

NB:
  • Go dtí an 6 Feabhra 2000, chuirtí ceannlitir ag tús gach aithrise agus leathstad ag a deireadh (úsáidtear an struchtúr seo fós i ngníomhartha áirithe de chuid na Comhairle):

    De bhrí go bhforáiltear …; (an chéad aithris agus na haithrisí ina dhiaidh sin)

    De bhrí gur gá leas a bhaint as …, (an aithris dheireanach)

    Ós rud é nár ghnách aithrisí a uimhriú, ba ghnách an chéad aithris, an dara haithris, an tríú haithris, etc. a thabhairt orthu. I roinnt téacsanna (go háirithe iontu siúd a bhaineann le bearta frithdhumpála), chuirtí an frása ‘De bharr an mhéid seo a leanas:’ roimh na haithrisí. D’uimhrítí na haithrisí agus chuirtí ceannlitir ag tús gach aithrise agus lánstad ag a deireadh (is é sin an gnáthchleachtas anois.)

    Bhí idirthréimhse ann ó Nollaig 1998 go dtí an 6 Feabhra 2000 nuair a bhí an dá struchtúr ar aithrisí inghlactha.

  • Sna rúin ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh i dtaca leis an mbuiséad a chur chun feidhme, a fhoilsítear i sraith L, bíonn fleasc roimh gach lua agus is litir a bhíonn leis na haithrisí seachas uimhir:

    ag féachaint do chuntais chríochnaitheacha bhliantúla an Choláiste Eorpaigh Póilíneachta don bhliain airgeadais 2008,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí ar chuntais bhliantúla an Choláiste Eorpaigh Póilíneachta don bhliain airgeadais 2008 […],

    ag féachaint don mholadh ón gComhairle […],

    […]
    A.

    De bhrí go […];

    B.

    De bhrí go […], ()