2.4. Abairtí a bhaineann le gné éigeantach na rialachán

Leanann foirmle a shainíonn carachtar éigeantach rialachán, le cur i láthair speisialta clóghrafaíochta, an t-airteagal deiridh.

Sna rialacháin, cuirtear ceann de na habairtí seo a leanas i ndiaidh an airteagail deiridh:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
(Úsáidtear an abairt seo in aon chásanna nach bhfuil an rialachán infheidhme maidir le gach Ballstát ná i ngach Ballstát (mar shampla, Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu (féach, mar shampla, Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), comhar feabhsaithe, etc.)).

Ní cuid den airteagal deiridh í an abairt seo agus leanann sí cur i láthair clóghrafach speisialta. Scartar ó téacs na n‑airteagal í agus láraítear ar leithead téacs níos giorra ná téacs na n‑airteagal í.