2.5. Abairtí deiridh (áit, dáta agus síniú)

Críochnaíonn an gníomh leis na focail ‘Arna dhéanamh i/in/sa …, …’ lena léirítear áit agus dáta an tsínithe, agus an síniú/na sínithe ina dhiaidh sin.

Is mar a leanas a bhíonn críoch an ghnímh:

  • na focail ‘Arna déanamh/arna déanamh i/sa …’ chun áit agus dáta an tsínithe a chur in iúl,
  • cuirtear an síniú i ndiaidh na bhfocal thuasluaite.

Áit agus dáta

Sa reachtaíocht thánaisteach, cuirtear an áit agus an dáta in iúl mar a leanas:

Arna déanamh/arna dhéanamh i Lucsamburg, an 5 Iúil 2006.

Is é an dáta an dáta a síníodh an gníomh (gníomhartha a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach) nó ar glacadh an gníomh (i gcásanna eile).

I gconarthaí agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta etc. scríobhtar an dáta i bhfocail:

Arna déanamh/arna dhéanamh i Lucsamburg, an cúigiú lá is fiche d’Aibreán sa bhliain dhá mhíle a cúig.

Is minic gur sa Bhruiséil a shinítear gníomhartha na n‑institiúidí, nó d'fhéadfadh sé gur i Lucsamburg (ag cruinnithe na Comhairle i mí Aibreáin, mí Iúil, agus mí Dheireadh Fómhair), in Strasbourg (go háirithe i gcás Pharlaimint na hEorpa nuair a bhíonn sí ag síniú leis an gComhairle) nó in Frankfurt am Main (i gcás fhormhór na ngníomhartha ón mBanc Ceannais Eorpach) a dhéanfaí é.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2025.

Sínitheoirí (ní liosta cuimsitheach é seo)

Sa reachtaíocht thánaisteach:

Parlaimint na hEorpa An Chomhairle Eorpach An Chomhairle

Thar ceann Pharlaimint
na hEorpa

An tUachtarán

…

(iniseal(acha) agus sloinne iomlán)

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

…

(iniseal(acha) agus sloinne iomlán)

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

…

(iniseal(acha) agus sloinne iomlán)

An Coimisiún
Rialacháin, treoracha, cinntí nach luaitear iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe Cinntí ina sonraítear cé chuige a bhfuil siad dírithe

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

…

(ainm iomlán)

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

…

(ainm iomlán)

Comhalta den Choimisiún

Thar ceann an Choimisiúin

…

(ainm iomlán)

Leas-Uachtarán an Choimisiúin

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

…

(ainm iomlán)

Leas-Uachtarán an Choimisiúin

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

…

(ainm iomlán)

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht …

Thar ceann an Choimisiúin

…

(ainm iomlán)

Comhalta den Choimisiún

Comhchoiste LEE An Banc Ceannais Eorpach
Rialacháin, Treoirlínte Cinntí, moltaí

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

…

(ainm iomlán)

Thar ceann Chomhairle Rialaithe
BCE

Uachtarán BCE

…

(ainm iomlán)

Uachtarán BCE

…

(ainm iomlán)

Thar ceann Bhord
Feidhmiúcháin BCE

Uachtarán BCE

…

(ainm iomlán)

I gcomhaontuithe idirnáisiúnta:

Comhaontuithe, prótacail, coinbhinsiúin

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

(síniú)

Thar ceann na mBallstát

(síniú)

Comhaontuithe i bhfoirm malartú litreacha

Thar ceann Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Thar ceann an Aontais Eorpaigh