3. Rialacha maidir le doiciméid a dhréachtú

Ní mór na téacsanna atá le foilsiú san Iris Oifigiúil a bheith ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór dóibh cloí le rialacha dochta dréachtaithe.

Ní mór na téacsanna atá le foilsiú san Iris Oifigiúil a bheith ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór dóibh cloí le rialacha dochta dréachtaithe.

Leagtar amach go sionoptach na téacsanna a fhoilsítear san Iris Oifigiúil i.e. is é an téacs céanna a bhíonn ar an leathanach céanna den IO i ngach teanga oifigiúil.

Leagtar síos i gCuid a Trí agus i gCuid a Ceathair rialacha maidir le gníomhartha, lena n-áirítear na hiarscríbhinní, a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, go háirithe na rialacha agus an gnás a bhaineann le ceannlitreacha (lena n-áirítear i dteidil coistí nó coimisiún), giorrúcháin, seoltaí, etc.