3.1. Conas tagairt don Iris Oifigiúil

Is féidir tagairtí don Iris Oifigiúil a dhéanamh ar thrí bhealach éagsúla: foirm fhada, foirm ghearr nó foirm ghiorraithe. Le foilsiú gníomh ar ghníomh a thabhairt isteach, áirítear an tAitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) sna tagairtí do dhoiciméid i sraith L agus i sraith C.

Tá trí bhealach ann chun tagairt a dhéanamh don Iris Oifigiúil:

An fhoirm fhada

Scríobhtar an fhoirm fhada mar a leanas: Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (i gcló iodálach)

Úsáidtear an fhoirm seo:

  1. sa téacs:

    Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh ó ghearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis iarraidh phoiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

  2. san abairt a úsáidtear ar theacht i bhfeidhm do ghníomh:

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

  3. i gceartúcháin, faoin teideal, mar thagairt don Iris Oifigiúil bhunaidh lena mbaineann:

    • i gcás doiciméad a foilsíodh idir an 1 Feabhra 2003 agus an 30 Meán Fómhair 2023:

      (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 107 an 25 Aibreán 2015)

      (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 275 an 4 Lúnasa 2023)

    • i gcás doiciméad a foilsíodh ón 1 Deireadh Fómhair 2023:

      (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2023/2433, 27 Deireadh Fómhair 2023)

      (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2023/100, 6 Deireadh Fómhair 2023)

NB:

Maidir le téacsanna a foilsíodh go dtí an 31 Eanáir 2003, agus an lá sin san áireamh, ba cheart tagairt a dhéanamh do Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach.

An fhoirm ghearr

Scríobhtar an fhoirm ghearr mar a leanas: an Iris Oifigiúil (ná húsáidtear cló iodálach)

Úsáidtear an fhoirm seo:

  1. i bhfonótaí, mar a leanas:

    (1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

  2. i dtéacsanna nach bhfuil an-fhoirmiúil.

An fhoirm ghiorraithe

Scríobhtar an fhoirm ghiorraithe mar a leanas: IO L, IO C, IO S.

Scoireadh de shraitheanna L … I, C … A, C … I a fhoilsiú an 1 Deireadh Fómhair 2023 agus scoireadh de shraith C … E a fhoilsiú an 1 Aibreán 2014.

Úsáidtear an fhoirm seo:

  1. i bhfonótaí ina luaitear uimhir na hIrise Oifigiúla:

    (1)
    IO L, 2023/2387, 2.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2387/oj.
    (2)
    IO C, C/2023/90, 2.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/90/oj.
  2. i dtáblaí:

    IO L, 2023/2387, 2.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2387/oj

NB:

Le himeacht aimsire, athraíodh uimhriú na hIrise Oifigiúla.

  • roimh an 1 Iúil 1967, bhíodh uimhriú leanúnach leathanach in úsáid agus bhíodh an dá fhigiúr dheireanacha den bhliain ar a lorg:

    IO 106, 30.10.1962, lch. 2553/62

  • ón 1 Iúil 1967 i leith, is é leathanach 1 an chéad leathanach de gach Iris Oifigiúil:

    IO 174, 31.7.1967, lch. 1

  • an 1 Eanáir 1968, cruthaíodh sraith L agus sraith C:

    IO L 32, 6.2.1968, lch. 6

    IO C 1, 12.1.1968, lch. 1

  • an 1 Eanáir 1978, cruthaíodh sraith S:

    IO S 1, 7.1.1978, lch. 1

  • an 1 Eanáir 1991, cruthaíodh sraith C … A (scoireadh de bheith á foilsiú an 1 Deireadh Fómhair 2023):

    IO C 291 A, 8.11.1991, lch. 1

  • an 31 Lúnasa 1999, cruthaíodh sraith C … E (scoireadh de bheith á foilsiú an 1 Aibreán 2014):

    IO C 247 E, 31.8.1999, lch. 28

  • an 1 Eanáir 2016, cruthaíodh sraith L … I agus sraith C … I (scoireadh de bheith á foilsiú an 1 Deireadh Fómhair 2023):

    IO L 11 I, 16.1.2016, lch. 1

    IO C 15 I, 16.1.2016, lch. 1

  • an 1 Deireadh Fómhair 2023, tugtar isteach foilsiú na hIrise Oifigiúla de réir gnímh:

    IO L, 2023/2387, 2.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2387/oj

    IO C, C/2023/90, 2.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/90/oj

    I gcás doiciméad a foilsíodh sa tsraith L sular tugadh isteach foilsiú de réir ngnímh, moltar an ELI a chur leis an tagairt atá ann cheana don Iris Oifigiúil, ar choinníoll go bhfuil an ELI ar fáil:

    IO L 314, 6.12.2022, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2371/oj

    Roimh an 1 Deireadh Fómhair 2023, níor sannadh ELI do dhoiciméid sa tsraith C.

Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach

Ó tosaíodh ag foilsiú na hIrise Oifigiúla de réir gnímh an 1 Deireadh Fómhair 2023, sanntar an tAitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) do gach doiciméad a fhoilsítear i sraitheanna L agus C.

Is córas atá in ELI chun an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil ar líne i bhformáid chaighdeánaithe, ionas gur féidir é a rochtain, a mhalartú agus a athúsáid thar theorainneacha (chun faisnéis mhionsonraithe a fháil, féach EUR-Lex).

Is atá in ELI, nuair a chuirtear i bhfeidhm maidir le doiciméid a fhoilsítear san Iris Oifigiúil é, cuid sheasta (http://data.europa.eu/eli/), athróga de réir na sraithe den Iris Oifigiúil, agus an giorrúchán ‘oj’:

Maidir le ceartúcháin, tá mionsonraí in ELI maidir leis an bhfoilseachán bunaidh, an focal ‘corrigendum’ agus an dáta foilsithe san fhormáid bbbb-mm-ll, agus an giorrúchán ‘oj’ ag gabháil ina dhiaidh:

Is gné éigeantach é an t-aitheantóir a bhaineann leis an tagairt don tsraith L den Iris Oifigiúil. Chun tagairt a dhéanamh do shraith C, moltar ELI a úsáid, cé gur rud roghnach fós é.

NB:

Níor cheart cód teanga a chur ag deireadh ELI mar nach cuid den aitheantóir é. Chun inoibritheacht an chórais a chinntiú, ní mór formáid chaighdeánaithe ELI a leanúint: