3.2.3. Conas tagairt d’fhorannáin na ngníomhartha
Luaitear na codanna éagsúla de thagairt d’fhoranna gnímh in ord íslitheach, ón gceann ginearálta go dtí an ceann sonrach.
1. Luaitear codanna éagsúla de thagairt in ord íslitheach ón gcuid is ginearálta go dtí an chuid is sonraí:
Foráiltear le hAirteagal 1(2), pointe (a), de Rialachán […]
Airteagal 1(1), an dara habairt, […]
2. Nuair a luaitear forannáin den saghas céanna, ní dhéantar an forannán a athlua:
Caibidlí I agus II
Airteagail 1, 4 agus 9
an dara agus an tríú fleasc
(ach: an chéad fhleasc agus an tríú fleasc)
Nuair a luaitear airteagail, míreanna nó fomhíreanna atá uimhrithe go comhleanúnach, ní miste idirdhealú a dhéanamh idir ‘Airteagail 2, 3 agus 4’ (rud a eisiann airteagail bhreise ar nós Airteagal 3a, 3b, etc.) agus ‘Airteagal 2 go 4’ (rud a chuimsíonn na hairteagail go léir a cuireadh isteach níos deireanaí).
3. Nuair a dhéantar tagairt d’fhorannáin den chineál céanna a mbíonn forannáin de leibhéal is ísle ag gabháil leo, luaitear an forannán a bhíonn i gceist gach uair:
Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) de Rialachán […]
(ná scríobhtar ‘Airteagail 2 agus 3(1) de Rialachán […]’)
Airteagal 2, Airteagal 5(2) agus (3), agus Airteagail 6 go 9 de Rialachán […]
(ná scríobhtar ‘Airteagal 2, 5(2) agus (3) agus 6 go 9’)
[…] agus go háirithe, Airteagal 1, pointí (1)(b) agus (3)(c), […]
4. Ní dhéantar athrá ar an bhfocal ‘pointe’:
i bpointe (b)(ii)
i bpointe (b)(ii)(1)
(agus ní scríobhtar ‘i bpointe (b), pointe (ii), pointe (1)’)
i dTeideal A, pointe (2)(a)(i), den Iarscríbhinn
(ná scríobhtar ‘pointe (2), pointe (a), pointe (i), den Iarscríbhinn […]’)
5. Is mar a leanas a dhéantar tagairtí d’Iarscríbhinní:
[…] na rialacha a leagtar amach san Iarscríbhinn [a ghabhann leis an Rialachán seo].
(seachas ‘den Rialachán seo’)
[…] an fhaisnéis dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.
Is mar a leanas a dhéantar tagairt d’fhorálacha iarscríbhinne:
[…] pointe 2.1.3.7, (a)(iii)(2), an ceathrú fleasc den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo
Ní thugtar ‘iarscríbhinní’ ar chomhaontuithe idirnáisiúnta:
Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.
(Tabhair faoi deara an frása ‘i gceangal le’. Ní úsáidtear ‘ag gabháil le’.)