3.2.4. Conas tagairt do leasuithe ar na gníomhartha
Tuigtear gurb iad na gníomhartha dá dtagraítear sna téacsanna san Iris Oifigiúil na gníomhartha ina leagan atá i bhfeidhm, agus dá bhrí sin ní áirítear sna fonótaí ach an tagairt IO dá leagan tosaigh agus ní luaitear modhnuithe níos déanaí iontu.
Ní bhíonn tagairt a thuilleadh i bhfonóta san Iris Oifigiúil do na leasuithe is deireanaí ar ghníomh. Ní thugtar ach tagairt don Iris Oifigiúil inar foilsíodh an chéad leagan den ghníomh.
Na gníomhartha a ndéantar tagairt dóibh sna téacsanna a fhoilsítear san Iris Oifigiúil , is gníomhartha iad atá i bhfeidhm ag an am sin (ná húsáidtear a thuilleadh na nathanna ‘arna leasú (go deireanach) le’ ná ‘arna aisghairm’ ná ‘leagan ceartaithe’).
D’fhéadfadh sé gur mhian leis an údar tagairt a dhéanamh do théacs sonrach faoi mar atá sé ar dháta sonrach nó béim a chur ar ghníomh leasaitheach. Sa chás sin, luaitear an gníomh leasaitheach sa téacs (is tagairt sheasta í) de réir a ghearrtheidil agus leanann tagairt i bhfonóta é má luaitear é den chéad uair.
Baineadh amach an t-ábhar a bhí in Iarscríbhinn III B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 517/94 arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 1398/2007 ón gCoimisiún(5) […]
[…]
(IO L 311, 29.11.2007, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1398/oj).