3.3.1. Leasuithe sa téacs

Tugtar isteach leasuithe sa téacs agus cuirtear i láthair iad ag brath ar cibé an mbaineann siad le hairteagal iomlán, le foroinn mharcáilte nó le foroinn gan mharcáil, le habairt nó le cuid d’abairt.

1. Má chuirtear airteagal in ionad airteagail iomlán, ag tús an téacs nua cuirtear uimhir an airteagail nua ar an imeall clé (comhartha athfhriotail tosaigh roimh an bhfocal ‘Airteagal’ agus an uimhir):

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

Airteagal 5

Cuspóirí sonracha sa réimse a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le comhairle eolaíochta

Rannchuideoidh na bearta airgeadais Aontais dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 11 leis an gcuspóir feabhsú a dhéanamh i dtaca le bailiú, le bainistiú agus le húsáid sonraí agus le comhairle eolaíochta faoi staid na n-acmhainní, faoi leibhéal na hiascaireachta, faoin tionchar atá ag an iascach ar na hacmhainní agus ar an éiceachóras muirí, faoi ghnéithe eacnamaíocha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus faoi fheidhmíocht thionscal na hiascaireachta, laistigh d’uiscí AE agus lasmuigh díobh, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit chun tacair sonraí ilbhliantúla comhiomlánaithe agus eolaíocht-bhunaithe a bhunú ina gcorprófar faisnéis bhitheolaíoch, theicniúil, chomhshaoil agus shocheacnamaíoch.’;

NB:

Leanann lánstad nó leathstad an comhartha athfhriotail deiridh.

2. I gcásanna ina mbíonn forannán marcáilte d’airteagal á leasú (mír, pointe, fleasc, etc.) cuirtear comhartha athfhriotail ag tús an téacs nua agus leanann uimhir na míre, na fomhíre, an phointe, etc. é:

(3)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Bunaítear leis an Rialachán seo Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh onnmhairí áirithe mar atá leagtha amach in Iarscríbhinní IIa go IIf.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir na húdaruithe sin a úsáid más rud é go bhfuil amhras réasúnta ann i leith a chumais údarú den sórt sin nó foráil de chuid na reachtaíochta um rialú onnmhairiúcháin a chomhlíonadh.

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú i leith onnmhaireoirí ar baineadh an ceart Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin a úsáid díobh, mura ndéanann siad a chinneadh nach ndéanfaidh an t-onnmhaireoir iarracht ar ítimí dé-úsáide a onnmhairiú trí Bhallstát eile. Úsáidfear an córas dá dtagraítear in Airteagal 19(4) chun na críche sin.’;

I gcás nach gcuirtear d’fhomhíreanna nua isteach ach an chéad fhomhír den mhír uimhrithe, luaitear uimhir na míre sin sa téacs nua:

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Scrúdóidh ÚEUM an t-iarratas ar dheimhniúchán agus déanfaidh sé cinneadh ina thaobh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 16. Beidh an cinneadh ar dheimhniúchán bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i bpointí (a) go (d) de mhír 1 den Airteagal seo.’;

3. I gcásanna ina gcuirtear téacs nua in ionad téacs neamhmharcáilte, is mar a leanas a scríobhtar é:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 2:

‘Chuige sin, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta leagan comhdhlúite den chomhad i dtaobh cáilíochta, sábháilteachta agus éifeachtúlachta, lena n-áirítear meastóireacht ar shonraí atá sna tuairiscí ar fhrithghníomhartha díobhálacha amhrasta agus sna tuairiscí tréimhsiúla sábháilteachta cothrom le dáta a thíolactar i gcomhréir le Caibidil 3, agus faisnéis maidir le gach athrú a tugadh isteach ón uair a deonaíodh an t-údarú margaíochta a sholáthar don Ghníomhaireacht 9 mí ar a laghad sula scoirfidh an t-údarú margaíochta de bheith bailí i gcomhréir le mír 1.’;

4. I gcásanna ina gcuirtear abairt nua isteach, ná scríobhtar tagairt an fhorannáin, fiú sna cásanna ina leasaítear an chéad abairt de mhír uimhrithe:

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

‘Ní dhéanfar ábhar de Chatagóir 1 a allmhairiú ná a onnmhairiú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(3).’;

I gcás ina dtagraíonn an leasú do chuid d’abairt (nath, focal, dáta, suim) ná scríobhtar tagairt an fhorannáin agus cuirtear an téacs nua in aon abairt amháin:

(2) in Airteagal 4(2), cuirtear na focail ‘arna fhorchur le cinneadh nó le comhsheasamh’ in ionad ‘arna chinneadh le comhsheasamh nó le comhghníomhaíocht’;

NB:

Ar mhaithe le soiléireacht agus chun fadhbanna aistriúcháin a sheachaint, nuair is gá píosa beag de théacs (e.g. frása nó cuid d’abairt) a leasú, seachas an píosa beag sin amháin a athrú moltar an chuid iomlán a leasú (e.g. an t­airteagal, an mhír nó an pointe iomlán).

5. Ní hí an abairt chéanna a úsáidtear i gcás aon leasú amháin agus a úsáidtear i gcás níos mó ná aon leasú amháin:

  1. má tá roinnt leasuithe ann, úsáidtear an abairt seo a leanas:

    Leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 mar a leanas:

    1. in Airteagal 1(2), leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

      1. […];
      2. […];
    2. leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

      1. leasaítear mír 5 mar a leanas:

        1. […];
        2. […];
  2. mura bhfuil ann ach an t-aon leasú amháin, úsáidtear an abairt seo a leanas:

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3 de Chinneadh 2007/884/CE:

    ‘[…]’

    (ná scríobhtar:

    Leasaítear Cinneadh 2007/884/CE mar a leanas:

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3)

6. Nuair a leasaítear iarscríbhinn, úsáidtear an abairt seo:

Leasaítear Iarscríbhinn … mar a leanas:

nó nuair a luaitear na leasuithe san iarscríbhinn:

Leasaítear Iarscríbhinn … a ghabhann le Rialachán (…) Uimh. …/… i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Nuair a chuirtear iarscríbhinn in ionad iarscríbhinne, déantar tagairt di sna téarmaí achtúcháin mar a leanas:

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 7/2010. ()

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne:

Is é seo leagan amach an téacs nua:

IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

…’.