3.3.2. Píosaí breise agus uimhriú
I gcás ina gcuirtear airteagail, míreanna uimhrithe nó foranna eile a shainaithnítear le huimhir nó le litir (foranna marcáilte) isteach i dtéarmaí achtacháin gnímh atá ann cheana, beidh feidhm ag rialacha uimhrithe sonracha.
I gcás ina ndéantar airteagail, míreanna uimhrithe nó foranna eile a bhfuil uimhir nó litir ag dul leo a chur isteach i dtéarmaí achtúcháin gnímh atá ann cheana, tugtar uimhir nó litir na foroinne roimhe sin ar an leibhéal céanna dóibh i dteannta na litreach ‘a’, ‘b’, ‘c’, ‘d’, etc. Mar shampla, airteagail a chuirtear isteach i ndiaidh Airteagal 1, tugtar ‘Airteagal 1a’, ‘Airteagal 1b’, etc., orthu. Ar an dóigh chéanna, airteagal a chuirtear isteach idir Airteagal 1a agus Airteagal 1b, tugtar ‘Airteagal 1aa’ air.
Cuirtear i bhfeidhm rialacha speisialta sna cásanna seo a leanas:
- i gcásanna eisceachtúla, nuair a dhéantar airteagail, míreanna nó foranna uimhrithe eile a chur isteach roimh an gcéad fhoroinn sa leibhéal lena mbaineann, tugtar ‘Airteagal –1’, ‘Airteagal –1a’, ‘mír –1’, ‘mír –1a’, ‘pointe –a’, ‘pointe –aa’, etc. orthu,
- i gcásanna casta, rogha eile atá ag an dréachtóir an comhartha ‘–’ a úsáid. Mar shampla, Airteagal 1–a a chur isteach idir Airteagal 1 agus Airteagal 1a.
Má chuirtear isteach airteagail, míreanna uimhrithe nó foranna eile a bhfuil uimhir nó litir ag dul leo, níor cheart na hairteagail, míreanna nó foranna eile a leanann a athuimhriú toisc go bhféadfadh sé go dtagraíonn gníomhartha eile dóibh. Níor cheart athuimhriú a dhéanamh ach i gcás códú nó athmhúnlú.
(Foinse: Lámhleabhar Comhpháirteach, Pointe C.8.3.2.)