3.4.2. Ord de réir údair
Faoi cheannteidil agus faoi fho-cheannteidil éagsúla na hIrise Oifigiúla (sraitheanna L agus C), taispeántar na húdair in ord sainithe.
Seo a leanas an t-ord ina liostaítear na húdair sna teidil éagsúla agus sna fo-cheannteidil éagsúla den Iris Oifigiúil (sraitheanna L agus C):
- Ionadaithe Rialtais na mBallstát (is cuma cé acu a thagann siad le chéile i dtionól na Comhairle nó nach dtagann),
- an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát,
- Parlaimint na hEorpa,
- an Chomhairle Eorpach,
- Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle,
- an Chomhairle,
- an Coimisiún Eorpach,
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
- an Banc Ceannais Eorpach,
- an Chúirt Iniúchóirí,
- Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
- Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
- Coiste Eorpach na Réigiún,
- an Banc Eorpach Infheistíochta,
- an tOmbudsman Eorpach,
- an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
- oifigí agus gníomhaireachtaí,
- comhlachtaí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta.
I gcás gníomhartha agus fógraí maidir leis an Limistéar Eorpach Eacanamaíoch, leantar an t-ord de réir údair seo a leanas:
- Comhchoiste LEE,
- Údarás Faireacháin CSTE,
- Buanchoiste Stáit CSTE,
- Coiste Comhairleach LEE,
- Cúirt CSTE.
Maidir le hord prótacail ainmneacha éagsúla na n-institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, féach Pointe 9.5.1.