3.5.2. Gníomhartha a liostú
Agus gníomhartha den chineál céanna á liostú, ní athscríobhtar ainm na hinstitiúide atá á nglacadh ná an saghas gnímh más í an institiúid chéanna nó an saghas céanna gnímh atá i gceist.
Agus gníomhartha den chineál céanna á liostú, ní athscríobhtar ainm na hinstitiúide atá á nglacadh ná an saghas gnímh más í an institiúid chéanna nó an saghas céanna gnímh atá i gceist:
Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007(7) agus (CE) Uimh. 595/2009(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Athscríobhtar an giorrúchán a thagraíonn don Chonradh nó do na Conarthaí roimh gach uimhir mar is cuid dhílis d’uimhir an ghnímh é:
Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (CE) Uimh. 1073/1999
Treoracha 94/35/CE agus 94/36/CE
Is fearr gníomhartha a lua in ord croineolaíoch.