3.6. Sainmhíniú ar théarma nó ar fhocal

Nuair a bhíonn téarma nó focal á shainmhíniú, cuirtear é laistigh de chomharthaí athfhriotail singile (laistigh de chomharthaí athfhriotail dúbailte nuair a bhíonn sé laistigh de chomharthaí athfhriotail singlile cheana féin).

Nuair a bhíonn téarma nó focal á shainmhíniú, cuirtear é laistigh de chomharthaí athfhriotail singile (laistigh de chomharthaí athfhriotail dúbailte nuair a bhíonn sé laistigh de chomharthaí athfhriotail singlile cheana féin):

2.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘grúpa monaróirí bainteacha’ monaróir agus a ghnóthais bhainteacha.

I gcás liosta, cuirtear an téarma nó an focal laistigh de chomharthaí athfhriotail singile:

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

  1. ciallaíonn ‘infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó i roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin Rialachán seo;
  2. ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh airgeadais’ […]

Uimhrítear na pointí trí úsáid a bhaint as uimhreacha Arabacha idir lúibíní. I gcás inar gá tuilleadh forannán a chur isteach, úsáidtear litreacha i gcás íochtair idir lúibíní don dara leibhéal agus uimhreacha Rómhánacha i gcás íochtair idir lúibíní don tríú leibhéal.