4.1.1. Na húdair agus Oifig na bhFoilseachán

Ar na seirbhísí a chuireann Oifig na bhFoilseachán ar fáil d’údair tá foilseacháin a ullmhú i bhformáidí éagsúla, dearadh grafach, profléamh, priontáil ar éileamh agus aitheantóirí a sholáthar.

Is féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh leas a bhaint as Oifig na bhFoilseachán do gach sórt foilseacháin. Soláthraíonn an Oifig, i measc seirbhísí eile, na seirbhísí seo a leanas do na húdair:

  • ullmhú foilseachán páipéir agus foilseachán ilmheáin (CD-ROM, DVD, suíomhannna gréasáin, leabhair leictreonacha) agus conarthaí le conraitheoirí seachtracha,
  • dearadh grafach,
  • seirbhísí léitheoireachta profaí,
  • PAE (priontáil ar éileamh),
  • soláthar aitheantóirí (ISBN, ISSN, DOI, uimhreacha catalóige — féach Pointe 4.4).
    NB:

    I gcás foilseachán a ullmhaíonn an Oifig féin, sanntar na haitheantóirí go huathoibríoch.

An nós imeachta go hachomair

Ní mór do na seirbhísí is údar iarraidh ar sholáthar seirbhísí a dhíriú ar dtús chuig seirbhís údarúcháin a n-institiúide, a gcomhlachta nó a ngníomhaireachta féin. Ansin, cuirtear iarraidh ar fhoilseachán i dtoll a chéile agus seoltar chuig Oifig na bhFoilseachán í. Bunaithe ar an meastachán a dhéantar nó an sonrasc a tharraingítear suas dá réir, líonann Oifig na bhFoilseachán isteach na foirmeacha ordúcháin agus seoltar iad chuig an tseirbhís údarúcháin le síniú.

Tar éis an chlóscríbhinn dheireanach agus an fhoirm ordúcháin shínithe a fháil, ullmhaíonn Oifig na bhFoilseachán an chlóscríbhinn chun í a chló agus cuirtear an chéad léamh i gcrích. Ag deireadh an phróisis táirgthe, agus tar éis an líon cóipeanna, na haitheantóirí (ISBN, ISSN, DOI, uimhir chatalóige), an praghas díola (más infheidhme) agus na modhanna seachadta a sheiceáil, tugtar an t-ordú cló.

Tar éis an leagan clóite a fháil seiceálann Oifig na bhFoilseachán an cháilíocht agus seiceálann sí gurb ionann an foilseachán a fuarthas ar ais agus a bhfuil sonraithe ar an sonrasc.

Maidir le foilseacháin thréimhsiúla, níor cheart athruithe a dhéanamh ar na teidil ná ar an leagan amach i rith na bliana, toisc go gcruthaíonn athruithe den sórt sin deacrachtaí agus moilleanna don tsraith agus don chatalógú, chomh maith le fadhbanna díolacháin agus mearbhall don léitheoir.

tip:

Do na húdair

An bhfuil foilseachán á tháirgeadh agat? An bhfuil póstaer á chruthú agat? An ag iarraidh dul i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta ar leith atá tú?
Tá gach freagra ar do cheisteanna teicniúla agus riaracháin ar fáil ar:

https://op.europa.eu/en/web/publicare/providing-publishing-and-preservation-services

(Nasc inmheánach d’fhoireann institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh)