4.1.2. Bainistiú na dtionscadal in Oifig na bhFoilseachán
Is é ról na mbainisteoirí tionscadail ullmhú clóghrafach na lámhscríbhinne a dhéanamh, agus is féidir leis an oifig dearaidh ghrafaigh dréachtaí agus samhlacha a tháirgeadh do roinnt tionscadal freisin.
Ról na mbainisteoirí tionscadail
Ullmhaíonn na bainisteoirí tionscadail an chlóscríbhinn chun í a chló. Caithfidh na treoracha cló, rogha an chló agus an fhormáidithe agus an sceideal pleanála a bheith ar aon dul leis na sonraí sna creatchonarthaí, sna glaonna ar thairiscintí agus sna foirmeacha ordúcháin.
Seiceálann siad na haitheantóirí idirnáisiúnta (ISBN, ISSN, DOI (féach Pointe 4.4)) agus uimhir chatalóige Oifig na bhFoilseachán.
Tabharfar aird ar leith don chlúdach; priontáiltear an teideal ar dhroim an fhoilseacháin más foilseachán mór atá i gceist.
Tugtar an t-ordú cló i ndiaidh sheiceáil na réamhleathanach (teideal, cóipcheart, clár na n‑ábhar, etc.). Ní mór é a thabhairt i scríbhinn i gcónaí agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh ann:
- teideal an fhoilseacháin,
- an teanga nó na teangacha ina bhfoilseofar é,
- an rith cló,
- na príomh-shaintréithe,
- an dáta nó na dátaí seachadta, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le seachadtaí ar chuntas agus le seachadtaí páirteacha,
- an ceann scríbe nó na cinn scríbe, le miondealú más infheidhme.
Ealaíontóirí grafacha
Déanann an oifig um dhearadh grafach dréachtaí agus samhlacha de phóstaeir, de bhileoga, de chlúdaigh agus de leathanaigh shamplacha a ullmhú, nithe is féidir a thabhairt do na húdair sula ndéantar an chlóchuradóireacht.
Is féidir leis na healaíontóirí grafacha cuidiú freisin le forbairt amharc-aitheantóirí (lógónna, graif, etc.) agus le dearadh grafach suíomhanna gréasáin (amharcláithreoireacht, meirgí, etc.).