4.1.3. Léitheoireacht profaí in Oifig na bhFoilseacháin
Is é dualgas na bprofléitheoirí profaí an teanga (úsáid na teanga agus gnásanna na teanga sin) agus an chlóghrafaíocht (cruinneas na clóghrafaíochta) a sheiceáil.
Is é dualgas na bprofléitheoirí profaí an teanga (úsáid na teanga agus gnásanna na teanga sin) agus an chlóghrafaíocht (cruinneas na clóghrafaíochta) a sheiceáil. Ní athbhreithneoirí ar an ábhar iad áfach: ní mór dóibh a bheith neodrach chomh fada agus a bhaineann le rún an údair, arb é an t-aon duine é a bhfuil smacht aige ar shubstaint an téacs.
Bailchríoch a chur ar na clóscríbhinní
Tugtar na clóscríbhinní do na profléitheoirí chun bailchríoch a chur orthu (ullmhú clóghrafach agus léitheoireacht profaí). Is é is cuspóir don chéim seo roimh an táirgeadh, na botúin litrithe agus ghramadaí a cheartú agus míchruinneas agus neamhréireachtaí a bhrath, chun go mbeidh an teachtaireacht go hiomlán intuigthe. Ní mór aonfhoirmeacht gach gné den chlóscríbhinn a sheiceáil go mion. Déileáiltear le gach débhríocht agus gach saincheist i ndlúthchomhar leis an tseirbhís is údar.
Déanann na profléitheoirí freisin an téacs a chomhchuibhiú de réir rialacha agus ghnásanna idirinstitiúideacha na treorach stíle seo.
Arna iarraidh sin don tseirbhís is údar nó le cead faighte uaithi roimh ré, is féidir tuilleadh oibre eagarthóireachta a dhéanamh (an téacs a athbhreithniú chun eagarthóireacht a dhéanamh air).
Seiceáiltear uimhriú leathanach na clóscríbhinne, rud nach mór don tseirbhís is údar a dhéanamh roimh ré agus más gá, críochnaítear é. Ní mór gach rud atá in easnamh sa chlóscríbhinn a chur in iúl láithreach. Ní mór a sheiceáil freisin gurb ionann na tagairtí do na fonótaí sa téacs agus na fonótaí féin ag bun an leathanaigh.
Is faoin tseirbhís is údar agus fúithi féin amháin atá sé a sheiceáil go bhfuil na leaganacha teanga éagsúla de chlóscríbhinn ag teacht le chéile. Is féidir le hOifig na bhFoilseachán an tseiceáil sin a dhéanamh, más gá agus má thugann an tseirbhís is údar a dóthain ama di.
Is é is príomhchuspóir d’ullmhú na gclóscríbhinní an chlóchuradóireacht a éascú, ionas go laghdófar costais bhreise níos faide ar aghaidh. Dá bhrí sin, cuid ríthábhachtach den phróiseas táirgthe is ea cáilíocht na clóscríbhinne a thugtar don chlódóir. Trí na treoracha maidir le hullmhú agus leagan amach clóscríbhinní a leanúint (féach Pointe 4.2) agus trí ardcháilíocht an téacs a áirithiú, is féidir leis na húdair na costais táirgthe a theorannú agus dlús a chur leis an táirgeadh ag an am céanna (d’fhéadfaí an tordú cló a thabhairt fiú bunaithe ar na chéad phrofaí).
Is féidir clóscríbhinn easnamhach a sheoladh ar ais chuig an údar.
Is le clóscríbhinn mhaith a ráthaítear táirgeadh tapa d'ardcháilíocht.
Na profaí agus ceartúcháin ón údar
Déanann na profléitheoirí na profaí a athbhreithniú trína sheiceáil go bhfuil an téacs ar aon dul leis an gclóscríbhinn a sholáthraítear agus leis na rialacha atá i bhfeidhm do gach teanga. Ag an am céanna, seoltar foireann de na chéad phrofaí chuig an tseirbhís is údar chun iad a fhaomhadh agus chun ceartúcháin a chur isteach más gá sin.
Déanfaidh an t-údar a laghad ceartúchán is féidir ar na profaí. Áiritheoidh an tseirbhís is udar go ndéanfar na ceartúcháin ar bhealach atá soiléir agus inléite agus nach bhfágann go mbeidh ar an bprofléitheoir an téacs a léamh arís líne ar líne (déantar na ceartúcháin i bpeann dearg agus iad a bheith sofheicthe agus, b’fhéidir, ciorclaithe nó sonraithe ar an imeall; ná cuirtear in iúl na ceartúcháin ar leathanach ar leith).
Breathnaíonn an clódóir ar aon cheartúchán ar phrofa a imíonn ón gclóscríbhinn bhunaidh mar cheartúchán ón údar (feabhsuithe, ceartúcháin, comhchuibhithe, nuashonruithe agus soiléirithe a eascraíonn ó chlóscríbhinn atá ina cíor thuathail nó nach bhfuil ullmhaithe go maith, etc.) agus sonrasctar mar chostas breise é. Ag an tráth seo, ní féidir cora cainte a athrú a thuilleadh, ná ní féidir sonraí digiteacha a fuarthas ag an nóiméad deireanach agus a dhéanann tagairt do thréimhse atá níos déanaí ná tréimhse thagartha an téacs a chur isteach, ná comharthaí poncaíochta a chur isteach ar mhaithe le foirfeacht nach féidir a bhaint amach ag an staid seo.
Is ceartúcháin ón údar is ceart a sheachaint a oiread is féidir gach ní a chuirtear isteach nó a scriostar, idir chamóga agus mhíreanna iomlána, i ngeall ar na moilleanna agus na costais a d'fhéadfadh a bheith i gceist leo. Is féidir leis na costais seo a bheith an-ard agus, ar an gcéadamharc, díréireach leis na ceartúcháin a iarrtar. Is féidir athdhéanamh míreanna iomlána, leagan amach roinnt leathanach nó fiú an téacs ar fad a bheith mar thoradh ar mhionathrú agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo chomh maith ar uimhriú na leathanach, clár na n-ábhar agus ar na tagairtí sa téacs nó san innéacs (i gcás athruithe a meastar iad a bheith éigeantach, is faoin tseirbhís is údar atá sé aon athrú eile ina dhiaidh sin a dhéanamh).
Go hiondúil bíonn dhá phrofa ag teastáil le haghaidh na clóchuradóireachta. Ar an gcéad phrofa, déanann an profléitheoir athléamh ar an téacs ina iomláine á chur i gcomparáid leis an gclóscríbhinn; seiceáiltear nach bhfuil aon chuid den téacs in easnamh agus gur cloíodh leis na treoracha clóghrafaíochta uile. Ina dhiaidh sin, ar an dara profa, seiceáiltear na ceartúcháin a rinneadh le linn an chéad phrofa. Ní cheadaítear aon cheartúchán ón údar tráth a dhéantar an dara profa.
I gcás foilseacháin thréimhsiúla nó foilseacháin a bhfuil práinn ag baint leo, ní mór do na seirbhísí is údair cloí leis an spriocdháta do chríochnú na gclóscríbhinní. Sa chaoi seo is féidir ní hamháin doiciméid a sholáthar laistigh de na spriocdhátaí ach ceartúcháin ón údar ag an nóiméad deireanach a sheachaint freisin agus, ar an ábhar sin, costais bhreise a sheachaint.
Ní mór a thabhairt faoi deara nach féidir le hOifig na bhFoilseachán tabhairt faoi cheartúcháin ón údar a dhéanamh gan cead oifigiúil a fháil óna seirbhísí údarúcháin.