4.2. Doiciméid bhunaidh (clóscríbhinní)

Tá ullmhú téacs lámhscríofa agus próiseáil focal nasctha le nósanna imeachta TF éagsúla a mholtar chun ullmhú téacsanna lena bhfoilsiú a bharrfheabhsú.

Ó dheireadh na 1990idí i leith, tá clóscríbhinní á gcur ar fáil i bhfoirm leictreonach (Word, PDF, HTML, etc.). Tá dlúthbhaint idir ullmhú téacsanna agus próiseáil focal agus úsáid nósanna imeachta ríomhaireachta atá dea-shainithe (macraí, seiceálaí litrithe, etc.). Sa phointe seo tá tuairisc ar na nósanna imeachta a mholtar chun próiseáil focal bharrfheabhsaithe a dhéanamh ar na téacsanna atá le foilsiú. Féadfaidh sé gur nósanna imeachta iad seo atá sa bhreis ar an obair thraidisiúnta a bhaineann le téacs a ullmhú.

Díríonn na moltaí sin ar chomhaid a phróiseáil i bhformáid Word, an gnáth-fheidhmchlár a úsáidtear sna hinstitiúidí Eorpacha chun doiciméid bhunaidh a ionchur. Is féidir na prionsabail ghinearálta a leagtar amach anseo a chur in oiriúint gan dua d’aon bhogearra eile ar an margadh.