4.2.3. An téacs a ullmhú
Chun cleachtais oibre a bharrfheabhsú d’fhonn táirgeadh a dhéanamh, tá sé fíor-riachtanach cloí le rialacha ar leith.
Treoracha clóscríbhneoireachta
D’fhonn na nósanna imeachta oibre a bharrfheabhsú don táirgeadh (páipéar, CD/DVD, idirlíon, etc.), ní mór cloí leis na treoracha seo a leanas.
Ginearálta
- Úsáidtear gnáth-théacs (ná húsáidtear téacs formáidithe).
- Ná déantar téacs a chomhfhadú, agus ná cuirtear fleiscíní ag deireadh líne, fiú nuair a bhíonn comhfhocail i gceist.
- Leantar na rialacha maidir le spásáil sa phoncaíocht: féach Pointe 6.4.
- Ní mór próiseáil loighciúil agus chomhtháiteach a dhéanamh ar an téacs (úsáidtear na paraiméadair chéanna le haghaidh eilimintí comhionanna sa téacs).
Carachtair speisialta
- Úsáidtear na carachtair speisialta atá ar fáil.
- Seachnaítear gach traslitriú (‘ss’ in áit ‘ß’, ‘ue’ in áit ‘ü’, etc.).
- Úsáidtear na figiúirí 1 agus 0 ar an méarchlár, seachas ‘I’ nó ‘O’ sa chás uachtair.
- Faightear na comharthaí focalbhá (…), trí Alt 0133 nó Ctrl-Alt-lán stad a bhrú (.) (ná húsáidtear trí lánstad leanúnacha (...)).
Figiúirí
- Uimhreacha a léiríonn cainníocht: scartar grúpaí de thrí fhigiúr le spás amháin (spás crua (spás cosanta)), seachas le camóg (sampla: 300 000).
- Uimhreacha a léiríonn uimhriú, e.g. blianta, fóiliónna, etc., ná cuirtear spás isteach (e.g.: 1961, lch. 2064).
- Uimhreacha deachúlacha: sna téacsanna Gaeilge úsáidtear lánstad (13.6). Is san Iris Oifigiúil agus i dtéacsanna ilteangacha (féach Pointe 6.5) a bhaintear úsáid as camóg (e.g.: 13,6).
- Rialacha maidir le figiúirí a scríobh: féach Pointe 10.3.
Spásanna crua (spásanna cosanta)
- Úsáidtear iad ionas nach scarfar óna chéile ag deireadh líne nithe ar ceart dóibh fanacht i mbloc aonair.
- Úsáidtear iad go háirithe sna cásanna a leanas agus sna cásanna atá sonraithe sna rialacha maidir le poncaíocht (féach Pointe 6.4):
Uimh.•IO L•10•000
Lch.•IO C•B. de•Brún
NB:In Word déantar an spás crua (spás cosanta) trí Alt 0160 nó Ctrl-Shift-spásbharra a bhrú.
Grafaicí, íomhánna agus táblaí
- Cuirtear na grafaicí agus na híomhánna le chéile i gcomhad ar leith, i bhformáid ardtaifigh.
- Seiceáiltear cearta atáirgthe/cóipchirt na n-íomhánna agus na léaráidí.
- Cuirtear marcóir soiléire (<IMAGE1>, <GRAPHIC1>, <TABLE1>, etc.), san áit ina gcuirfear an íomhá/grafaic.
- Soláthraítear na comhaid Excel ar leithligh.
Comharthaí athfhriotail
- Úsáidtear na comharthaí athfhriotail is dúchasaí sa teanga atá i gceist.
I nGaeilge, tá dhá shaghas comharthaí athfhriotail ann (tugtar an cód alfa-uimhriúil idir lúibíní):
leibhéal 1‘…’(Alt 0145/Alt 0146)
(an príomhphíosa athfhriotail)leibhéal 2“…”(Alt 0147/Alt 0148)
(píosa athfhriotail laistigh de phíosa athfhriotail)Má bhíonn níos mó i gceist ná leibhéal 1 agus leibhéal 2, leantar ar aghaidh leis an gcóras céanna arís.
Féach an sampla thíos de phíosa athfhriotail laistigh de phíosa athfhriotail:
‘Airteagal 27
Scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas
[…]
9. Beidh na focail “cúnamh ón Aontas Eorpach” agus suaitheantas an Aontais Eorpaigh marcáilte go soiléir ar phacáistíocht an bhia a dháilfear trí na pleananna bliantúla agus ag na pointí dáilte freisin.
10. Beidh an scéim um dháileadh bia dá bhforáiltear i mír 1 gan dochar d’aon scéimeanna náisiúnta trína ndáiltear táirgí bia ar na daoine is díothaí, ar scéimeanna iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais.’
Uaschamóga
- Is í an uaschamóg chatach is ceart a úsáid, seachas i ndoiciméid ilteangacha (sa chás sin is ceart cloí le cibé riail atá sa teanga lena mbaineann). Brúitear Alt 0146 chun uaschamóg chatach a dhéanamh.
Cás uachtair/ íochtair
- Ná scríobhtar ceannteidil i gcás uachtair.
- Cuirtear an cás uachtair/íochtair i bhfeidhm de réir rialacha na treorach stíle seo; féach Pointe 10.4.
Fonótaí
- I Microsoft Word 2007 agus 2010, úsáidtear an fheidhm ‘Tagairtí/Ionsáigh fonóta’ amháin (nó References/Insert footnote má tá an comhéadan ar Word i mBéarla agat).
- I gcás clóscríbhinn a tháirgfear ar pháipéar, níl aon ghá uimhreacha na bhfonótaí a athfhormáidiú de láimh. Sampla: Cruthaíonn Word 1 - / cuireann na profléitheoirí (1) i bhfeidhm. Ní athshlánaíonn an clódóir ach an fheidhm ‘Fonóta’ (Footnote); is eisean atá freagrach as uimhreacha na bhfonótaí a athfhormáidiú i gceart, de réir choinbhinsiúin na treorach stíle seo.
- Uimhrítear na fonótaí go soiléir i bhfigiúirí arabacha (úsáidtear comharthaí eile, amhail réiltíní nó na litreacha, do chásanna ar leith).
- Seachnaítear nótaí cosúil le ‘Idem’ nó ‘Ibidem’ (ó tharla go mbíonn leagan amach leathanaigh an téacs chlóbhuailte difriúil ó leagan amach na clóscríbhinne bunaidh).
- Cuirtear tagairt d’fhonóta (na lúibíní san áireamh) i gcló rómhánach (fiú má tá an téacs nó an teideal scríofa i gcló iodálach nó i gcló trom).
Daiseanna
- Úsáidtear an dais fhada (Alt 0151 nó Ctrl-Alt-dais ar an méarchlár uimhriúil) chun eilimintí liosta a thabhairt isteach (cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm i ngach teanga).
- I nGaeilge, is féidir an dais fhada a úsáid in ionad lúibíní.
Ceannteidil
- Úsáidtear bileog stíle, seachas formáidiú de láimh.
- In éagmais bileog stíle ar leith, úsáidtear stíleanna Word (Ceannteideal 1, Ceannteideal 2, Gnáth, etc.) (nó Heading 1, Heading 2, Normal, etc. mar atáthar i mBéarla).
- Ná scríobhtar ceannteidil go hiomlán i gcás uachtair.
Nuair a úsáidtear stíleanna Word is féidir, ag deireadh na próiseála focal, tábla ábhar a chruthú go huathoibríoch; nuair atá an téacs á aistriú go PDF lena chur ar líne, cruthóidh na ceannteidil sin hipearnaisc go huathoibríoch (marcóir nó leabharmharcanna). Is eilimintí fíor-riachtanacha iad sin a fhágann gur fusa doiciméid fhada a léamh ar líne.
Moltaí eile
Nuair a sheachadtar clóscríbhinn i roinnt codanna, agus an chéad chuid á seachadadh, ní mór don tseirbhís is údar tábla ábhar a chur leis an téacs (ceann sealadach fiú), chun go mbeidh na profléitheoirí in ann forbhreathnú a fháil ar an téacs.
Ní mór don tseirbhís is údar gach clóscríbhinn a sheiceáil go cúramach sula seoltar í chuig Oifig na bhFoilseachán. Ní mór leasuithe a sheachaint ach go heisceachtúil agus iad a bheith soiléir, soléite agus beacht. Má tá a lán athruithe le déanamh le linn an chéad phrofa d'fhéadfadh sé go mbeadh roinnt codanna de le hathscríobh, go mbeadh tionchar aige ar an leagan amach leathanaigh agus uaireanta go gcuirfí an téacs athscríofa as riocht agus go mbeadh gá le sraith athruithe dá bharr. Is gá go minic tuilleadh profaí agus seiceáil nua a dhéanamh orthu agus mar thoradh air sin fadaítear na spriocdhátaí táirgthe agus méadaítear na costais.
Mar phointe scoir, seachnaítear, chomh fada agus is féidir, comhaid chumaisc, ina bhfuil téacsanna a cruthaíodh le bogearraí éagsúla.