4.2.4. Doiciméid a bhfuil atáirgeadh díreach i ndán dóibh

Is doiciméid iad doiciméid atá réidh le haghaidh ceamaraí agus ba cheart iad a bheith gan locht agus réidh lena n-atáirgeadh.

I gcás na ndoiciméad a bhfuil atáirgeadh díreach i ndán dóibh (camera-ready), ní mór don tseirbhís is údar féachaint chuige go bhfuil aon cheartúchán is gá déanta ar an téacs, ós rud é nach féidir aon cheartúchán eile a dhéanamh ag céim an atáirgthe (ach amháin in imthosca eisceachtúla).

Ní mór an téacs a athléamh go cúramach tar éis é a chlóscríobh agus, sula ndéantar an leagan amach críochnaitheach. Ní mór freisin an leagan amach leathanaigh sin a mhionscrúdú chun botúin chlóscríbhneoireachta a aimsiú sula ndéantar táirgeadh ar bith.

Ní mór na leathanaigh a uimhriú ar bhealach leanúnach ag tosú leis an leathanach teidil. Ní foláir na leathanaigh bhána a áireamh san uimhriú. De ghnáth, tosaíonn na codanna agus na caibidlí ar an leathanach deas (recto) ar a bhfuil uimhir chorr. Má chríochnaíonn an téacs nó an chaibidil roimhe sin ar leathanach corr, cuirfear leathanach bán roimh an gcuid nua nó roimh an gcaibidil nua. Mar shampla, má chríochnaíonn Caibidil I ar leathanach 19, tosóidh Caibidil II ar leathanach 21, mar is leathanach bán a bheidh i leathanach 20 (an leathanach clé).

Ní mór an spás roimh cheannteideal nó roimh fho-cheannteideal a bheith níos mó ná an spás a scarann é ón téacs.

Fágtar dhá aisfhilleadh carráiste idir na míreanna agus na fomhíreanna.

Ní féidir líne dheireanach de mhír a bheith ag tús leathanaigh. Is fearr, sa chás áirithe sin amháin, í a scríobh ar líne bhreise ar an leathanach roimhe fiú má imíonn sé thar imill an leathanaigh sin. Ar an gcuma chéanna, seachnaítear leathanach a bheith ag críochnú le ceannteideal nó le fo-cheannteideal, le dais nó leis an gcéad líne de liosta.

Níor cheart luanna ná liostaí a eangú.