4.3.2. Acmhainní leanúnacha
De réir chaighdeán ISO 3297:2022 (ISSN), is éard atá sna hacmhainní leanúnacha saothair a chuirtear ar fáil don phobal, i bhformáid ar bith den táirge, a bhfuil orduimhir agus tuairisc chroineolaíoch ar na seachadtaí leanúnacha díobh agus nach bhfuil a dtréimhse foilsithe socraithe roimh ré.
De réir chaighdeán ISO 3297:2022 (ISSN), is éard atá sna hacmhainní leanúnacha saothair a chuirtear ar fáil don phobal, i bhformáid ar bith den táirge, a bhfuil orduimhir agus tuairisc chroineolaíoch ar na seachadtaí leanúnacha díobh agus nach bhfuil a dtréimhse foilsithe socraithe roimh ré. Áirítear sna hacmhainní leanúnacha:
- sraithfhoilseacháin, a shainmhínítear mar acmhainní a fhoilsítear in eagráin leanúnacha nó mar chodanna ar leith gan teorann ama leo agus iad uimhrithe de ghnáth (nuachtáin, irisí, tréimhseacháin, irisleabhair i bhformáid chlóite nó i bhformáid leictreonach, foilseacháin bhliantúla (tuarascálacha, bliainirisí, eolairí, etc.), tráchtais agus cnuasaigh mhonagraf),
- acmhainní comhtháite buana, a shainmhínítear mar acmhainní leanúnacha a chomhlántar le nuashonruithe a chomhtháitear leis an saothar iomlán, gan teorainn ama leo (bunachair sonraí, foilseacháin leathanach scaoilte a nuashonraítear go rialta nó suíomhanna gréasáin a nuashonraítear go leanúnach, mar shampla an leagan idirlín de An treoir stíle seo).
Is ionann cnuasach agus bailiúchán foilseacháin ar leith a bhfuil a theideal féin ag gach foilseachán acu, a cheanglaítear le chéile le comhtheideal a chlúdaíonn an saothar iomlán. Is ionann an comhtheideal sin agus teideal an chnuasaigh ó cheart. Is féidir gach foilseachán ar leith a bheith uimhrithe nó gan a bheith uimhrithe. D’fhéadfadh sé gur monagraif nó sraithfhoilseacháin iad na foilseacháin atá sa chnuasach.
Aithnítear gach acmhainn leanúnach le Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta, nó ISSN (féach Pointe 4.4.2).