4.4. Aitheantóirí a leithdháileann Oifig na bhFoilseachán

Sannann Oifig na bhFoilseachán aitheantóirí (ISBN, ISSN, DOI) d’fhoilseacháin a eisíonn institiúidí, comhlachtaí agus eagraíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Ó 2001 i leith, tá Oifig na bhFoilseachán ag feidhmiú mar ghníomhaireacht oifigiúil a leithdháileann na haitheantóirí seo a leanas ar fhoilseacháin gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh: ISBN (Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta), ISSN (Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta do shraithfhoilseacháin agus d’acmhainní leanúnacha eile) agus DOI (aitheantóir oibiachta digití). Úsáidtear na haitheantóirí idirnáisiúnta sin chun gach foilseachán a liostú ar bhealach uathúil eisiach, timpeall an domhain. Eisítear aitheantóir inmheánach (uimhir chatalóige) le gach táirge chomh maith (leabhair, bróisiúir, póstaeir, etc.) i ngach formáid (paipéar, formáid leictreonach, CD/DVD, etc.).

Nuair a leithdháiltear aitheantóirí, tá sé d’oibleagáid ar na seirbhísí is údar, dhá chóip chrua den saothar agus an leagan leictreonach (PDF) a sheoladh chuig Oifig na bhFoilseachán.

Leithdháileann Oifig na bhFoilseachán na haitheantóirí go huathoibríoch nuair a iarrtar uirthi saothar a fhoilsiú.