4.5. Aitheantóir arna leithdháileadh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Forbraíodh an sainaitheantóir cásdlí Eorpach (ECLI) chun lua ceart agus dobhréagnaithe bhreitheanna na gcúirteanna Eorpacha agus na gcúirteanna náisiúnta a éascú.
An Sainaitheantóir Cásdlí Eorpach (ECLI)
Forbraíodh an sainaitheantóir cásdlí Eorpach (ECLI) chun lua ceart agus dobhréagnaithe bhreitheanna na gcúirteanna Eorpacha agus na gcúirteanna náisiúnta a éascú. Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh isteach é de réir a chéile in 2014.
Shann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ECLI do na breitheanna ar fad a rinne cúirteanna an Aontais Eorpaigh ó bhí 1954 ann (breithiúnais, orduithe, tuairimí na Cúirte, cinntí (nós imeachta um athbhreithniú)), do thuairimí agus dearcthaí na n‑abhcóidí ginearálta agus d’fhaisnéis faoi na cinntí sin (achoimrí agus athbhreithnithe, faisnéis faoi chinntí nár foilsíodh).
Cúig ghné éigeantacha atá in ECLInna. I gcarachtair alfa-uimhriúla Laidineacha amháin a bhíonn siad agus idirstad eatarthu, mar atá thíos.
- An giorrúchán ECLI, rud a léiríonn gur sainaitheantóir cásdlí Eorpach atá ann.
- An cód tíre a fhreagraíonn don Bhallstát ina bhfuil an chúirt nó an binse lena mbaineann (féach an tábla i bPointe 7.1.1), nó an cód ‘EU’ más cúirt de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá ann.
- Cód na cúirte a thug an bhreith (i gcás Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh freagraíonn ‘C’ don ‘Chúirt Bhreithiúnais’, freagraíonn ‘T’ don ‘Chúirt Ghinearálta’ agus freagraíonn ‘F’ don ‘Bhinse um Sheirbhís Shibhialta’).
NB:
Tháinig deireadh le feidhm an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta (a bunaíodh in 2004) an 1 Meán Fómhair 2016 tráth a aistríodh a dhlínse chuig an gCúirt Ghinearálta.
- An bhliain a tugadh an bhreith, i gceithre dhigit.
- Orduimhir i bhformáid a chinneann gach Ballstát iad féin nó a chinneann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Suas le 25 charachtar alfa-uimhriúla a bhíonn san uimhir seo. Ceadaítear poncanna ach ní cheadaítear aon phoncaíocht eile.
ECLI:EU:C:2006:710
Conclúidí ón gComhairle ina moltar sainaitheantóir cásdlí Eorpach (ECLI) agus tacar íosta meiteashonraí aonfhoirmeacha don chásdlí a thabhairt isteach (IO C 127, 29.4.2011, lch. 1 (en)).
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cur chuige maidir le cásdlí a lua:
https://curia.europa.eu/jcms/jcms/P_126035/en
An Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas:
https://e-justice.europa.eu/topics/legislation-and-case-law/european-case-law-identifier-ecli_en
Rialacha maidir le cásdlí a lua:
féach Pointe 5.9.3.